Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Clárú do Sheachtain na hOidhreachta

In am imeachtaí a chlárú don tSeachtain Oidhreachta

 

 

Beidh an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar siúl i mbliana ón Satharn 22 Lúnasa go dtí An Domhnach 30 Lúnasa.  Tá an Chomhairle Oidhreachta ag spreagadh daoine agus eagraíochtaí a bheith páirteach sa tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta trí imeacht nó ócáid a reáchtáil go háitiúil i mbailte, i sráidbhailte agus i measc an phobail.  Tá córas cláraithe ar líne ar oscailt anois agus caithfear gach imeacht a bheith cláraithe roimh an Domhnach 31 Bealtaine le go mbeidh siad san áireamh sa Chlár Imeachtaí saor in aisce le haghaidh na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta de chuid na Comhairle Oidhreachta.  Is féidir d'imeachtaí a chlárú ar líne tríd na sonraí a chur isteach ar líne ag www.heritageweek.ie nó trí foirm chláraithe le haghaidh Sheachtain na hOidhreachta, agus atá ar fáil ón Chomhairle Oidhreachta ar 1850 200 878, a líonadh isteach. 

 

Beidh Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, ag foilsiú bileog phóca saor in aisce d'imeachtaí na seachtaine i gContae Dhún na nGall. Bhí ráchairt mhór ar an bhileog seo le blianta beaga anuas, agus í bunaithe ar an eolas a chuirtear isteach chuig An Chomhairle Oidhreachta. 

 

"D'éirigh thar barr le Seachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall in 2014.  Bhí breis agus 100 imeacht ar siúl in áiteanna éagsúla sa chontae agus bhí an chuid ba mhó acu saor in aisce" arsa Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  I measc na n-imeachtaí bhí laethanta oscailte teaghlaigh, siúlóidí treoraithe, tithe oscailte oidhreacht thógtha, cuairteanna ar shuíomhanna oidhreachta, turais allamuigh, taispeántais, toirbhirtí le léaráidí, comórtais ghrianghrafadóireachta, gníomhaíochtaí páistí, taighde ginealais, seisiúin scéalaíochta, ceol traidisiúnta, aontaí ceardaíochta agus léirithe ar scileanna traidisiúnta.  Bhain Coiste Turasóireachta Cultúrtha an Toir Mhóir duais don 'Imeacht Pobail is Fearr' agus don 'Imeacht Is Fearr ar Fad' ag an searmanas gradaim do Sheachtain na hOidhreachta i gCill Chainnigh i mí na Nollag 2014, de bharr an turais bháid agus turas Loch Dúin in iarthar Dhún na nGall a reáchtáladh mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.  Anuraidh, ghlac breis agus 400,000 duine páirt in 1,800 imeach ar fud na tíre.

 

Is iad an Comhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil a chomhordaíonn an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, le tacaíocht ó Fáilte Éireann.  Is iad na príomhaidhmeanna atá le 'Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta' eolas a spreagadh i dtaca leis an oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha, agus ar an dóigh sin, cuidiú lena caomhnú agus lena cosaint, agus le suim a chothú san oidhreacht Eorpach chomh-choiteann.  Agus é ag caint faoi Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, seo mar a labhair Michael Starrett, Príomh-Fheidhmeannach leis an Chomhairle Oidhreachta, "Mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta is mian linn ceiliúradh a dhéanamh ar an obair a dhéanamh na mílte de dhíograiseoirí agus saineolaithe  a thugann a gcuid ama leis an oidhreacht náisiúnta s'againne a chaomhnú agus a chosaint.  Is deis iontach í fosta don teaghlach iomlán eolas a chur ar a bpobal áitiúil agus sin a fheiceáil trí shúile na hoidhreachta."

 

Nuair is féidir, ba chóir d'imeachtaí a bheith saor in aisce nó lacáistí speisialta a thairiscint.  Déanfaidh an Chomhairle Oidhreachta Seachtain na hOidhreachta a chur chun cinn go náisiúnta agus cuirfidh sí ábhair ar fáil don lucht eagraithe, ar nós póstaeirí agus clár imeachtaí lena gcuid imeachtaí a chur i mbéal an phobail.  Fá choinne tuilleadh eolais logáil isteach ar www.heritageweek.ie, rphost [email protected] nó guthán 1850 200 878

 

CRÍOCH

 

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

 

Joseph Gallagher

An tOifigeach Oidhreachta,

Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall,

Comhairle Contae Dhún na nGall,

Oileán an Stáisiúin,

Leifear,

Contae Dhún na nGall.

 

guthán:       (074) 917 2576

rphost:             [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO