Fógra Comhairleach
Iarrtar ar an phobal gach rud atá riachtanach a dhéanamh ar mhaithe lena sábháilteacht le linn na fíor-dhrochaimsire
I ndiaidh do Met Éireann rabhadh dearg fearthainne agus rabhadh oráiste gaoithe a thabhairt, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tathant ar an phobal a bheith fíorchúramach nuair a bheas siad taobh amuigh sna 36 huaire amach romhainn agus gan taisteal a dhéanamh ach amháin nuair is gá.
I gceantracha ina mbíonn baol tuilte, tá an Chomhairle ag iarraidh ar gach úinéir maoine gach rud is gá a dhéanamh ar son na sábháilteachta agus socruithe cuí a chur i bhfeidhm don tréimhse a bhfuiltear ag dréim leis an fhíor-dhrochaimsir seo a bheith ann.
Tá an Chomhairle ag coinneáil súil ar na coinníollacha agus freagrófar scairteanna éigeandála de réir mar is gá.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle ar (074) 91 53900 agus má tharlaíonn eachtra éigeandála lasmuigh d'uaireanta oifige is féidir dul i dteagmháil le Seirbhís Bóithre na Comhairle ar (074) 91 72288.
Coinnigh suas chun dáta le coinníollacha bóthair le linn an gheimhridh trí muid a leanúint ar Twitter @roadsdcc nó @donegalcouncil nó ar an leathanach Facebook