Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhdháil Eorpach i Leitir Ceanainn

Comhdháil Eorpach i Leitir Ceanainn

‌Pleananna faoi lánseoil le haghaidh suas le 100 toscaire ón Eoraip i Leitir Ceanainn

Karsten Uno Petersen

An tUas. Karsten Uno Petersen, Uachtarán ar Choiste Chomhairle Réigiúin na hEorpa um Beartas Sóisialta agus Sláinte Phoiblí, a bheas ag freastal ar chomhdháil Chomhairle Réigiúin na hEorpa (CER) ar an Ríomhshláinte, Neamhspleáchas agus Cuimsiú san 21ú haois, i Leitir Ceanainn, an tseachtain seo chugainn.

 

Tá pleananna faoi lánseoil le haghaidh chomhdháil Chomhairle Réigiúin na hEorpa (CER), a mbeidh suas le 100 toscaire ó achan chearn den Eoraip ag teacht go Leitir Ceanainn fána coinne, go ceann trí lá an tseachtain seo chugainn.

 

Beidh lucht déanta beartas agus lucht cinnteoireachta ó thíortha éagsúla de chuid na hEorpa, ar a n-áirítear an tSualainn, An Danmhairg, An Rómáin, An tSeirbia, An Spáinn, An Phortaingéil, An Ísiltír, An Tuirc, An Bheilg agus an Ríocht Aontaithe, beidh siad sin ag teacht chuig an chomhdháil seo, atá á hóstáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus a bheas ag díriú ar an Ríomhshláinte, Neamhspleáchas agus Cuimsiú san 21ú haois.

 

I measc na dtoscairí mór-le-rá a bheas ag freastal ar an chomhdháil beidh an tUas. Karsten Uno Peterson, Uachtarán ar Choiste CER um Beartas Sóisialta agus Sláinte Phoiblí agus Leas-Uachtarán ar Réigiún Syddanmark i nDeisceart na Danmhairge. Is duine é a thacaíonn le ríomh-shláinte agus le córais chomhtháite cúraim agus tá an réigiún arb as é i nDeisceart na Danmhairge i ndiaidh a straitéis forbartha iomlán a dhíriú ar an gheilleagar sláinte agus leasa, ar fhuinneamh inbhuanaithe agus ar gheilleagar an eispéiris.  

 

Beidh Bn. Uas. Agneta Granström, Coimisinéir Comhairle Contae atá freagrach as Sláinte Phoiblí le Comhairle Contae Norrbotten sa tSualainn, i láthair chomh maith.   Tá sí ina Leas-Uachtarán ar Choiste CER um Beartas Sóisialta agus Sláinte Phoiblí agus ina hUachtarán ar líonra ríomhshláinte CER. Mar Altra Pobail gairmiúil, tá taithí leathan chliniciúil ag Agneta i gcúram sláinte príomhúil agus i gcúram sláinte do sheandaoine i gceantracha tuaithe. 

 

I measc na dtoscairí eile beidh Leas-Uachtarán CER le haghaidh Comhdheiseanna, Monica Carisson ó réigiún Norrbotten sa tSualainn, an Leas-Uachtarán ó Chontae Arad sa Rómáin, an Leas-Uachtarán ó Tirana san Albáin, an Leas-Uachtarán ar Vojvodina sa tSeirbia, chomh maith le comhairleoirí contae ó Jämtland, Jönköping agus Värmland sa tSualainn agus Nordjylland sa Danmhairg.  Beidh toscairí ann chomh maith ó Extremadura sa Spáinn, Minho sa Phortaingéil, Gelderland san Ísiltír chomh maith leis an Bhruiséil agus Iostanbúl.

 

Tá an chomhdháil, a bheas ar siúl ón 20 go dtí an 23 Deireadh Fómhair á reáchtáil ag Comhairle Réigiúin na hEorpa, atá ar an líonra is mó de réigiúin neamhspleácha san Eoraip mhór. Agus í ag tabhairt le chéile réigiúin ó 35 thír agus 15 eagraíocht idir-réigiúnacha, tugann CER guth polaitiúil dá ball agus is fóram í chomh maith le haghaidh comhoibriú idir-réigiúnach. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar an aon údarás áitiúil in Éirinn atá ina bhall den chomhairle. 

 

Tabharfaidh an chomhdháil trí lá seo deis ar leith dúinn eispéiris a roinnt lena chéile, dul i dteagmháil le polaiteoirí réigiúnacha agus le hoifigigh ón Eoraip, agus comhoibriú breise idir-réigiúnach a chothú san Eoraip sa réimse don aosú gníomhach agus sláintiúil.

 

Glacfaidh toscairí páirt i roinnt cuairteanna staidéir i nDún na nGall, ina measc cuairteanna ar an Ionad um Mhaireachtáil Neamhspleách i nDún na nGall, Teach Cara, Ionad Lasmuigh an Ghleanna le haghaidh an Luathoideachais, agus Seirbhís Óige agus Teaghlaigh Leitir Ceanainn.  Is é is cuspóir leis na cuairteanna seo ná an obair atá ar siúl ag na heagraíochtaí seo chun timpeallachtaí aois-chairdiúla agus cuimsiúla a chruthú do dhaoine i nDún na nGall, a chur ar taispeáint. 

 

Buailfidh toscairí chomh maith le Comhairle Óige Dhún na nGall le cluinstin faoin obair atá idir lámha ag an Chomhairle Óige chun meabhairshláinte dhearfach a chothú agus chun daoine óga a spreagadh le haire a thabhairt dá sláinte intinne. Ní ba luaithe i mbliana bronnadh ardghradam ar Chomhairle Óige Dhún na nGall ó Chomhairle Réigiúin na hEorpa as a gcuid oibre sa réimse seo. 

 

Seo an méid a bhí le rá ag Mícheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall "beidh an chuid is mó de na toscairí a bheas ag freastal ar an chomhdháil seo ag teacht go Dún na nGall don chéad uair riamh agus is deis iontach í seo lena bhfuil ar fáil i nDún na nGall, mar áit le cónaí ann, mar áit le gnó a dhéanamh ann, agus mar áit le cuairt a thabhairt air, a thaispeáint. Agus an chomhdháil Eorpach seo á hóstáil againn tugann sin deis iontach dúinn chomh maith próifíl Dhún na nGall agus réigiún an Iarthuaiscirt a ardú ag leibhéal na hEorpa".

 

 

#EhealthDonegal2014

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO