Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhghairdeas le Coistí Bailte Slachtmhara

Comhghairdeas le Coistí Bailte Slachtmhara

 

Preas-Ráiteas

 

10 Meán Fómhair 2014

 

 

Thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall, tréaslaíonn Cathaoirleach Dhún na nGall, An Clr. John Campbell, le gach baile agus gach sráidbhaile i gContae Dhún na nGall a ghlac páirt i gComórtas Bailte Slachtmhara na bliana seo agus tugann sé ard-mholadh go speisialta leis an 5 iontráil nua i gcomórtas 2014, rud a fhágann go raibh 40 iontráil san iomlán le haghaidh Dhún na nGall in 2014.

 

Agus é ag caint i ndiaidh an tSearmanais Bhronnta sa Helix i mBaile Átha Cliath, thug an Cathaoirleach aitheantas agus ómós d'obair chrua agus do dhúthracht na n-oibrithe deonacha ar fad ar fud an chontae a dhéanann obair iontach ó thús deireadh na bliana le go mbeidh a gcuid bailte móra agus sráidbhailte ullamh don chomórtas bhliantúil. Is léir an tsár-obair seo, agus an díograis seo, ó thorthaí an lae inniu inar éirigh le gach coiste i nDún na nGall a gcuid marcanna a ardú ó chomórtas 2013. Is cúis mhór dóchais é seo mar gur tarraingíodh roinnt catagóirí le chéile i gcomórtas na bliana seo agus bhí marcanna breise ar fáil le haghaidh catagóirí.

 

Thug An Clr. Campbell aitheantas ar leith do Leitir Ceanainn agus do na Gleannta ar éirigh leo Gradam Bonn Óir a bhaint amach, do Ráth Bhoth agus do Bhun Cranncha ar bronnadh gradam Bonn Airgid orthu, agus do Mhálainn agus An Charraig Airt a fuair gradam Bonn Cré-Umha, agus bhí Leitir Ceanainn, Na Gleannta agus Málainn le feiceáil i measc ghradaim an Chontae chomh maith. Ba chóir comhghairdeas ar leith a dhéanamh le Coiste Bailte Slachtmhara an Charraigín as Gradam Iarrachta a bhaint trí mhéadú mór de 18 bpointe a ghnóthú ó chomórtas 2013.

 

Luaigh sé chomh maith go raibh an Gradam Gaeltachta bainte ag Carraig Airt arís, agus go bhfuil Ard-Mholadh bainte amach ag Loch an Iúir sa Ghradam Gaeltachta. Ba chomh-bhuaiteoirí ar an Ghradam Oidhreachta iad chomh maith Coiste Bailte Slachtmhara Bhun Cranncha de bharr Conair Oidhreachta Bhun Cranncha.

 

D'iarr An Clr. Campbell ar mhuintir Dhún na nGall a bheith bródúil as a gcuid Coistí Bailte Slachtmhara agus as an obair dheonach ar fad a dhéanann siad, agus seo mar a labhair sé "ba chóir do dhaoine smaointiú ar dul i mbun gnímh anois agus a bheith páirteach fiú ar dhóigh iontach beag." Bíonn gá le hoibrithe deonach i dtólamh, agus mar sin de, cad chuige nach nglacfá páirt ann agus bród a chothú as do bhaile mór áitiúil, as do shráidbhaile agus as do Chontae."

 

Thacaigh an Príomh-Fheidhmeannach, An tUas. Séamus Mac Conghaola, leis an mhéid a bhí le rá ag an Chathaoirleach agus ghabh sé comhghairdeas le gach duine agus gach coiste a ghlac páirt i gComórtas na mBailte Slachtmhara.  Dúirt sé go raibh 'gradam tuillte ag na bailte seo ar fad agus na sráidbhailte seo ar fad, agus is eiseamláir den chéad scoth iad de gach rud a thig a bhaint amach trí bheith ag comhoibriú lena chéile laistigh den phobal áitiúil.  Tá tionchar na gCoistí Bailte Slachtmhara an-tábhachtach mar chan amháin go spreagann siad bród i measc an phobail ach cuireann sé le muinín na ngnólachtaí áitiúla sa ré dhúshlánach seo, agus níl aon amhras orm ach go bhfuil ról iontach tábhachtach ag na Coistí Bailte Slachtmhara in athbheochan an gheilleagair áitiúil".

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO