Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhghairdeas le Jason Black

Comhghairdeas ón Chathaoirleach do Jason Black

 

Jason Black K2 379 x 269

 

Déanann an Cathaoirleach comhghairdeas le Jason Black ar a chuid éachtaí

 

 

Thar ceann na gComhairleoirí Contae, na mbainisteoirí agus oifigigh agus oibrithe Chomhairle Contae Dhún na nGall déanann An Cathaoirleach, An Clr. Séamus Ó Domhnaill, comhghairdeas le Jason Balck ar a chuid éachtaí agus é i ndiaidh mullach K2 a bhaint amach Dé Domhnaigh 22 Iúil 2018.

 

 

“Tá gliondar agus lúcháir orm do Jason, dá theaghlach agus dá fhoireann.  Is éacht iontach é seo agus éacht a ghlac an-chuid diongbháilteacht, dúthracht agus teacht aniar.  Tá K2 ar an dara mullach is airde sa domhan agus meastar go bhfuil sé níos contúirtí ná Everest fiú.  Is é seo an dara hiarracht ag Jason dul a fhad le mullach K2 agus is léiriú é sin ar an chineál fir atá ann agus an dúthracht atá aige chun a chuid spriocanna a bhaint amach.  Tá súil agam go mbeidh turas slán sábháilte ag Jason agus ag a fhoireann agus iad ag teacht anuas ón sliabh agus tá mé ag súil le é a fheiceáil ar ais i nDún na nGall go han-luath.”

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO