Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comóradh 100 Bliain Dáil Éireann

Comóradh ar an Chéad Dáil

centenary of first dail 1

An Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Séamus Ó Domhnaill leis an Clr.Gerry McMonagle, An Clr. Martin Harley agus oifigigh Rannán Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall Judith McCarthy, Músaem an Chontae, Niamh Brennan, Cartlann Chontae Dhún na nGall, Caroline Carr, Músaem Contae Dhún na nGall, Donna Cavanagh, Leabharlann Dhún na nGall agus Una Mathewson, Leabharlann Dhún na nGall ag ócáid speisialta chuimhneacháin i dTeach an Chontae, Leifear Dé Céadaoin 10 Aibreán 2019 leis an chéad suí den Dáil a chomóradh.  

 

Mar chuid de Chlár Deich mBliana de Chéid Chomhairle Contae Dhún na nGall, rinne Comhairle Contae Dhún na nGall an chéad suí den chéad Dáil Éireann, ar an 21 Eanáir 1919, a chomóradh ag ócáid speisialta i dTeach an Chontae, Leifear, tráthnóna inné (Dé Céadaoin 10 Aibreán 2019).

 

I measc na Tdanna úra a toghadh sa Toghchán Ginearálta in 1918 agus a shuigh an lá fíorstairiúil sin bhí triúr as Contae Dhún na nGall.   Toghadh Joseph O’Doherty, as Doire, i nDún na nGall Thuaidh; toghadh Joseph Sweeney, a bhí amuigh in 1916, i nDún na nGall Thiar; agus d’éirigh le Peter Joseph Ward suíochán a fháil i nDún na nGall Theas.  D’éirigh le Edward J. Kelly san olltoghchán fosta ach shocraigh seisean ar ionadaíocht a dhéanamh ar son Dhún na nGall Thoir thall i Westminster.

 

Agus é ag seoladh an togra inné, dúirt an Cathaoirleach, An Clr. Séamus Ó Domhnaill: “Is ceiliúradh ar an daonlathas s'againne féin é an ócáid seo, céad bliain ó bhí an dara cruinniú ag an Chéad Dáil ar an 10 Aibreán 1919”.    Agus dúirt sé leis: “Bhí an toghchán in 1918 ar an chéad toghchán ina raibh deis ag go leor daoine bochta in Éirinn vóta a chaitheamh, agus ba é an chéad olltoghchán ina dtiocfadh le mná vóta a chaitheamh.  Bhí líon na vótóirí beagnach trí oiread ní ba mhó ná an líon vótóirí a bhí ann in 1910, agus vótáil tromlach mór mhuintir na hÉireann ar son ard polaitiúil a bhí tiomanta chun dáil a bhunú bunaithe ar na hionadaithe a roghnaigh muintir na hÉireann agus go mbeadh an dáil sin ag labhairt agus ag feidhmiú mar ghuth náisiúnta údarásach thar ceann mhuintir na hÉireann”.

 

Bhí seacht TD is fiche i láthair ag an chéad chruinniú den Dáil agus bhí triúr as Dún na nGall ina measc.  Ag an chruinniú a bhí acu ar an 21 Eanáir 1919, dhaingnigh an Chéad Dáil ceithre dhoiciméad. Ba iad na hidéil a gaireadh ar an lá sin ná an féinchinntiúchán náisiúnta, comhionannas poblachtánach agus flaitheas na ndaoine.   D’eisigh an Chéad Dáil “Teachtaireacht do Náisiúin Shaora an Domhain”, ag fógairt ‘go gcreideann an Phoblacht úr sa tsaoirse agus sa cheartas mar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta’.  Dúirt an Cathaoirleach go bhfuil “an teachtaireacht seo chomh hábhartha inniu agus a bhí sé 100 bliain ó shin.”

 

Peter Joseph Ward

Peter Joseph Ward, garmhac de chuid Peter Joseph Ward, a bhí ina ionadaí ag Dún na nGall sa Chéad Dáil i ndiaidh thoghchán 1918, i gcomhar le John Carlin, Ráth Bhoth, ag ócáid speisialta chomórtha i dTeach an Chontae, Leifear, Dé Céadaoin 10 Aibreán 2019 leis an chéad suí den Dáil a chomóradh.   

 

Ina dhiaidh sin, toghadh Peter Joseph Ward ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus ina Chathaoirleach ar an Chomhairle ó 1921 go dtí 1922, agus bhí sé páirteach i gCogadh na Saoirse.  Throid Joseph Sweeney as Ailt an Chorráin in Ardoifig an Phoist le linn Sheachtain na Cásca 1916.   Throid sé chomh maith i gCogadh na Saoirse agus ceapadh é mar Cheann Foirne ar na hÓglaigh.    Bhí Joseph O’Doherty páirteach sa phleanáil d’Éirí Amach na Cásca agus chuir sé seal isteach i ngéibheann thall sa Bhreatain Bheag dá bharr sin.  Throid seisean i gCogadh na Saoirse chomh maith.  Shocraigh Edward Joseph Kelly ar ionadaíocht a dhéanamh mar Fheisire Parlaiminte do Dhún na nGall Thoir thall i dTeach na dTeachtaí i Sasana agus d’éirigh sé as nuair a bunaíodh an Saorstát in 1922.   Is féidir tuilleadh eolais faoi na fir san fhoilseachán ag Cartlann Chontae Dhún na nGall dar teideal ‘Dún na nGall, Olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil’ atá ar fáil anseo.

 

Bhí an staraí áitiúil Anthony Begley ag caint ag ócáid an lae inné fosta, ag a raibh gaolta de chuid na ndaoine a toghadh chuig an Chéad Dáil chomh maith le Comhairleoirí Contae.   Is iar-phríomhoide meánscoile agus iarmhúinteoir staire i mBéal Átha Seanaidh é Anthony Begley, agus tá baint aige le Cumann Staire Chontae Dhún na nGall le breis agus 40 bliain.   Mar iar-Uachtarán agus iar-Choimeádaí ar Iarsmalann Chumann Staire Chontae Dhún na nGall, scríobhann sé ailt ar bhonn rialta chuig Bliainiris Dhún na nGall agus tá sé leabhar foilsithe aige ar cheantar Bhéal Átha Seanaidh / Bhun Dobhráin, agus déanann sé siúlóidí agus cainteanna go minic ar an stair áitiúil.   

 

Fuair na daoine a bhí i láthair cóipeanna den leabhrán dar teideal ‘Dún na nGall, Olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil’ agus bhí deis acu amharc ar thaispeántas de chuid Mhúsaem Contae Dhún na nGall den teideal céanna, a bhí curtha in airde i dTeach an Chontae, Leifear, don ócáid.

 

Is féidir an leabhrán Donegalthe 1918 General Election and the First Dáil/ Dún na nGall, Olltoghchán 1918 agus an Chéad Dáil  a fháil anseo.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO