Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comórtas Eastáit

Sa tóir ar an Scéim Tithíochta Comhairle is Fearr Slacht 2019

Best Kept Council Housing Scheme 2019

Ardán Naomh Adhamhnán, Ráth Bhoth, a bhain an chéad áit amach don Eastát Mór is Fearr Slacht 2018 i gCeantar Bardais Shrath an Urláir.

 

Tá muid ag iarraidh ar chónaitheoirí in Eastáit Tithíochta de chuid na Comhairle ar fud Dhún na nGall cur isteach ar chomórtas na bliana seo don Scéim Tithíochta Comhairle is Fearr Slacht.

 

Tá breis agus 200 eastát tithíochta de chuid na Comhairle ar fud Dhún na nGall agus tá cuid mhór cónaitheoirí sna heastáit seo a dhéanann an t-uafás oibre gach bliain le bail mhaith agus slacht a choinneáil ar a gcuid eastát.  

 

“Tugann an comórtas seo aitheantas don obair iontach a dhéanann siad” a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Clr. Nicolas Crossan. “Ba mhaith linn níos mó eastát a bheith páirteach i mbliana. Is ar bhonn Ceantar Bardais a eagraítear an comórtas agus tá ciste suntasach duaiseanna ann. Tá duaiseanna ann do scéimeanna ina bhfuil níos lú ná 20 teach, idir 21 agus 50 teach, agus os cionn 51 teach.”.

 

Tá sé iontach furasta cur isteach ar an chomórtas agus tá sé oscailte anois agus ag glacadh le hiarratais. Déanfar an mholtóireacht le linn mhí Lúnasa. Tabharfar marcanna don iarracht atá déanta; easpa bruscair; plandáil crann, tor, bláthanna agus gairdíní; dathanna agus comhdhathanna; staid na dtithe sa scéim; easpa rudaí atá gránna don tsúil, agus rudaí ar leith eile.

 

Le bheith incháilithe don chomórtas caithfidh ar a laghad 20% de na tithe iomlána sa scéim a bheith faoi úinéireacht na Comhairle. Le hiarratas a dhéanamh cuir isteach foirm iontrála agus í sínithe ag beirt thionóntaí de chuid na Scéime thar gceann na gcónaitheoirí ar fad.

 

Tá na foirmeacha iontrála don chomórtas ar fáil ón Rannóg Tithíochta in aon oifig de chuid na Comhairle nó trí scairt a chur ar (074) 91 53900.  Is é an dáta druidte le haghaidh foirmeacha iontrála ná An Aoine 26 Iúil 2019.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO