Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comórtas Fiontraíochta Óige

Comórtas Fiontraíochta Óige

Moltar d'úinéirí óga gnó i nDún na nGall gan deis a chailliúint €20,000 a bhaint

 

 

Christy Lynch (ar chúl) ó Efficient Plumbing and Heating a bhain sa Rannóg don Ghnólacht Bhunaithe is Fearr i gcomórtas IBYE anuraidh i nDún nan Gall, agus é i gcomhluadar roinnt iarrthóirí eile ar éirigh leo dul ar an ghearrliosta.  

 

Táthar ag iarraidh ar úinéirí gnó i nDún na nGall gan an deis a chailliúint suim mhór airgid de €20,000 a bhaint dá ngnólachtaí trí chur isteach ar an chomórtas le haghaidh an Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn roimh an Aoine seo chugainn 31 Iúil.

 

Tá méid iomlán de €50,000 ar fáil do Dhún na nGall, a bhfuil duais de €20,000 mar chuid de sa rannóg don Ghnólacht Bhunaithe is Fearr d'éinne atá faoi bhun 30 bliain d'aois agus iad i mbun gnó le breis agus dhá bhliain.

 

Dúirt Christy Lyncy ó Efficient Plumbing and Heating, buaiteoir na rannóige 'An Ghnólacht Bhunaithe is Fearr' anuraidh, go raibh an duais airgid ina cuidiú mór dá ghnólacht.

 

"Uaireanta, d'fhéadfadh gnólacht bhunaithe smaointiú go bhfuil barraíocht ama i gceist chun cur isteach ar chomórtas mar seo, ach má ghlacann tú an t-am lena dhéanamh is féidir leis a bheith iontach fiúntach.

 

Chuir an duais airgid anuraidh sa rannóg 'an ghnólacht bhunaithe is fearr' go mór leis an sreabhadh airgid sa ghnólacht s'againne, chuidigh sé linn níos mó margaíochta a dhéanamh agus freastal ar níos mó seónna trádála agus tá méadú tagtha ar an ghnó atá ag teacht chugainn dá bharr sin' ar seisean.

 

Tá a mhacasamhail d'infheistíocht de €20,000 le baint sa rannóg 'An Gnólacht Úr is Fearr' agus thig le duine ar bith sa chatagóir aoise a bhfuil smaoineamh iontach úr aige nó aici duais infheistíochta de €10,000 a sciobadh leo.

 

Dúirt Mícheál Mac an tSionnaigh, Ceannasaí Fiontraíochta in Oifig Fiontar Dhún na nGall, gur tháinig aiseolas ó na hiarratasóirí anuraidh a léirigh, sa bhreis ar an airgead sa duaischiste, go raibh na Grodchampaí Gnó do na hiarratasóirí gearrliostaithe ar fad ina chuidiú mór acu.

 

'Is mór an spreagadh é ag iarratasóirí iarracht a dhéanamh duais a bhaint, ach fiú mura n-éiríonn leo, cuideoidh na Grodchampaí Gnó leo dlaoi mhullaigh a chur ar a gcuid pleananna gnó, scileanna úr fiontraíochta a fhoghlaim agus meantóireacht agus cóiteáil ardchaighdeánach duine le duine a fháil'.

 

Agus sa bhreis air sin, ar seisean, duine ar bith a chuir isteach ar an chomórtas roimhe seo, thig leis nó léi sin a dhéanamh arís, ach d'fhéadfadh roinnt coinníollacha a bheith i gceist.

 

'Má chuir duine isteach ar an chomórtas anuraidh, thig leis nó léi cur isteach arís. Is féidir go dtiocfaidh siad faoi rannóg eile i mbliana nó is féidir go bhfuil forbairt déanta ar an ghnólacht s'acu ó shin agus go bhfuil gné bhreise curtha leis an táirge a bhí acu anuraidh. Déardainn le héinne a chuir isteach roimhe seo, agus nach bhfuil iarratas déanta acu i mbliana, nár chóir dóibh an deis iontach seo a ligint tharstú'.

 

Mhol an tUas. Mac an tSionnaigh d'éinne a bhfuil ceist ar bith acu nó atá ar lorg tuilleadh eolais dul i dteagmháil le hOifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall: 07491 60735 nó rphost [email protected] n an fhoirm iarratais a íoslódáil ag www.ibye.ie

 

Ach, a bhéimnigh sé, tá an spriocdháta don chomórtas ag druidim linn go sciobtha agus mhol sé d'fhiontraithe óga i nDún na nGall a gcuid iarratas a chur isteach roimh an spriocdháta ar an 31 Iúil.

 

“Is féidir na hiarratais a dhéanamh ar líne ag www.ibye.ie ach nuair a bheas an spriocdháta thart beidh an deis thart leis, mar sin de, mholfainn do ghnólachtaí a gcuid iarratas a dhéanamh gan mhoill,' ar seisean mar fhocal scoir.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO