Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comórtas Sábháilteachta Bóthair

Comórtas Ealaíne do pháistí ar an tSábháilteacht Bóthair

Road Safety Art 2019 379x269

 

 

 

Grianghraf ó sheoladh an Chomórtais Ealaíne do pháistí ar an tSábháilteacht Bóthair, a reáchtáladh inniu i Scoil an Linbh Íosa, An Carraigín

  

Rachaidh Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le Cumann Sacair Chláirseacha na Finne arís eile i mbliana leis an tSábháilteacht Bóthair i nDún na nGall a chur chun cinn. Rinne an Cathaoirleach, An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Séamus Ó Conghaola, An Príomhfheidhmeannach, John Campbell, Cláirseacha na Finne, agus daltaí ó Scoil an Linbh Íosa, An Carraigín, an comórtas ealaíne do pháistí ar an tsábháilteacht bóthair a sheoladh go hoifigiúil inniu i Scoil an Linbh Íosa, An Carraigín. 

 

Déanfaidh dalta ó cheann amháin de bhunscoileanna an chontae an clár fógraíochta a dhearadh trí chomórtas oscailte ealaíne agus tá spás curtha ar leataobh ag Cláirseacha na Finne do Mheitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall chun an tsábháilteacht bóthair a chur chun cinn i bPáirc na Finne sa séasúr atá amach romhainn, chun leanúint lena n-obair leanúnach aird an phobail a dhíriú ar na contúirtí atá ar na bóithre.  

 

Tá Cláirseacha na Finne ag pilleadh ar an Phríomhshraith i mbliana agus fógrófar buaiteoir an chomórtais ealaíne ag a gcéad chluiche baile den tséasúr úr i gcoinne Dhún Dealgain, Curaidh reatha na Príomhshraithe agus Buaiteoirí Chorn Chumann Peile na hÉireann, i bPáirc na Finne Dé hAoine 22 Feabhra 2019.

 

 Road Safety Art Competition 2

Sa ghrianghraf seo ag seoladh oifigiúil an chomórtais ealaíne ar an tSábháilteacht Bóthair, i Scoil an Linbh Íosa, An Carraigín, tá an Cathaoirleach Séamus Ó Domhnaill i gcomhar le Séamus Ó Conghaola, Príomhfheidhmeannach, John McLaughlin, Stiúrthóir Seirbhíse, John Campbell, Cláirseacha na Finne, Kevin McHugh, Acadamh Sacair Chláirseacha na Finne, Brian O Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, An Clr. Paul Canning, Stephen McCaul, DMG Motors, chomh maith le múinteoirí agus daltaí o Scoil an Linbh Íosa.

 

 

Dúirt an Clr. Séamus Ó Domhnaill: “Tá lúcháir orainn leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á dhéanamh ag Cumann Sacair Chláirseacha na Finne chun cuidiú linn níos mó airde a tharraingt ar na contúirtí atá amuigh ar na bóithre. Cuideoidh an comórtas le haird an phobail a dhíriú ar an tsábháilteacht bóthair, le hiompar daoine a athrú, agus le dul i bhfeidhm ar a dtuismitheoirí, agus beidh an buaiteoir an-bhródúil as an saothar ealaíne atá déanta acu a fheiceáil ar taispeáint i bPáirc na Finne le linn an tséasúir úir, áit a bhfeicfidh an saol mór é.” 

 

Agus é ag caint ag an seoladh, dúirt Brian O Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair: “Tá lúcháir orainn leis na hiarrachtaí leanúnacha atá á dhéanamh ag Cumann Sacair Chláirseacha na Finne chun cuidiú linn níos mó airde a tharraingt ar na contúirtí atá amuigh ar na bóithre. Tá d’aidhm ag an chomórtas ealaíne páistí a spreagadh chun a gcuid smaointe maidir le sábháilteacht bóthair a chur in iúl. Tá súil againn, má bhíonn na páistí rannpháirteach ag aois an-óg, go spreagfaidh sé an óige chun a bheith níos airdeallaí amach anseo maidir lena n-iompraíocht ar na bóithre amach anseo. Is féidir le teachtaireachtaí ó pháistí i dtaca leis an tsábháilteacht bóthair, trí phóstaeir nó trí mhodhanna eile, dul i bhfeidhm ar thuismitheoirí agus ar bhaill eile den teaghlach”.  

 

 

Dúirt John Campbell, An tOifigeach le haghaidh Peil sa Phobal le Cláirseacha na Finne: “Tá lúcháir orainn a bheith bainteach leis an fheachtas sábháilteachta bóthair seo. Mar Chlub Sinsearacha Sacair i nDún na nGall braithimid go bhfuil dualgas orainne, mar atá ar go leor eile, an teachtaireacht maidir le sábháilteacht bóthair a chur chun cinn. Tá lúcháir ar Chláirseacha na Finne a bheith ag obair i gcomhpháirt le Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall, agus tá méadú i rith an ama ar an líon iontrálacha a fhaigheann an comórtas seo ó bunaíodh é.”

 

 Road Safety Art Competition 3

Sa ghrianghraf seo ag seoladh oifigiúil an chomórtais ealaíne ar an tSábháilteacht Bóthair, i Scoil an Linbh Íosa, An Carraigín, tá an Cathaoirleach Séamus Ó Domhnaill i gcomhar le Séamus Ó Conghaola, Príomhfheidhmeannach, John McLaughlin, Stiúrthóir Seirbhíse, John Campbell, Cláirseacha na Finne, Kevin McHugh, Acadamh Sacair Chláirseacha na Finne, Brian O Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, An Clr. Paul Canning, Stephen McCaul, DMG Motors, chomh maith le múinteoirí agus daltaí o Scoil an Linbh Íosa.

 

 

 

 

Caithfidh gach iontráil a bheith ina iontráil bhunaidh úr agus ina shaothar ag an iarratasóir é féin, é ar pháipéar de mhéid A3 ar a mhéad. Tá sonraí á seoladh chuig gach bunscoil sa chontae faoi láthair.

 

Is féidir tuilleadh eolais faoin chomórtas a fháil ó Bhrian O Donnell, Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9172360 nó John Campbell, Cláirseacha na Finne ar

087 3872973.

 

 

Is é an 31 Eanáir 2019 an dáta deireanach, agus ba chóir na píosaí ealaíne a chur isteach fríd an scoil chuig:

 

Comórtas Ealaíne ar Shábháilteacht Bóthair, An Oifig um Dhearadh Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Co. Dhún na nGall.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO