Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Córas Cóireála Uisce Bhun Dobhráin

An scéal is déanaí maidir le Córas Cóireála Uisce Bhun Dobhráin

Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanúint orthu ag cur i bhfeidhm a bplean mór-eachtra i ndiaidh na dtuilte troma ar Ionad Cóireála Uisce Bhun Dobhráin, atá as feidhm go fóill.

 

Tá athruithe oibríochta á ndéanamh ar an líonra chomh maith mar chuid den phlean mór-eachtra seo chun soláthar a chur ar fáil do chustaiméirí nuair is féidir, agus tá uisce á thabhairt isteach ó ghréasáil eile i gContae Liatroma, Contae Fhear Manach (Uisce TÉ) agus Scéim Soláthair Uisce Bhéal Átha Seanaidh in aice láimhe.

 

Nuair atá uisce ar fáil ó sconna an chustaiméara is féidir an t-uisce seo a úsáid mar is gnách, ní gá é a bheiriú sula n-úsáidtear é.

 

Is féidir go mbeidh cur isteach ar an soláthar inniu agus amárach agus is féidir go mbeidh tionchar aige seo ar cheantar iomlán Bhun Dobhráin. Tá súil ghéar a coinneáil ar an eachtra seo, agus tá sé ina thosaíocht ag Uisce Éireann an ghnáthsheirbhís a chur ar fáil arís.

 

Do dhaoine a bhfuil bristeacha sa tseirbhís ag cur as dóibh tá Tancaeir Taistil Uisce agus Píobán Seasta ar fáil ag pointí straitéiseacha ar fud ghréasán Bhun Dobhráin. Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfear aon uisce a thugtar ar shiúl ó na tancaeir seo agus ón phíobán seasta seo a bheiriú sula n-úsáidfear é, cé go bhfuil cóireáil iomlán déanta air agus go bhfuil sé sábháilte le hól.  Is iad na suíomhanna ina bhfuil siad:

 

Suíomh Bowser Uimh. 1: Carrchlós os comhair na Farraige, Bóthar Astoria

Suíomh Bowser Uimh. 2: Carrchlós an Lár-Chabhsa

Suíomh Bowser Uimh. 3: Seanbhóthar an Tulacháin, Machaire Cairthe

Suíomh Bowser Uimh. 4: Siopa Crua-Earraí BMG, Bóthar Rochtana 

Suíomh an Phíobáin Sheasta:        Clós an Mhargaidh, Béal Átha Seanaidh (in aice leis an Stáisiún Dóiteain)

 

D'fhéadfaí brú íseal nó briseadh sa tsoláthar a chur isteach ar chustaiméirí sna laethanta amach romhainn agus iarrtar orthu aon ábhar imní a chur in iúl d'Uisce Éireann ar 1890 278 278.

 

Iarrtar ar chustaiméirí uisce a chaomhnú agus a sheiceáil an bhfuil aon uisce ag sceitheadh ina gcuid foirgneamh.

 

Ba mhaith le hUisce Éireann ár leithscéal a ghabháil le gach custaiméir a bhfuil an eachtra seo ag cur isteach orthu.

 

Ba mhaith le hUisce Éireann buíochas a ghabháil le baill foirne údarás áitiúil Dhún na nGall, Uisce Thuaisceart Éireann, Comhairle Contae Liatroma, an FSS agus an BSL as a gcuid iarrachtaí leanúnacha chun dul i ngleic leis an eachtra seo. 

 

Tá léarscáil  anseo ag taispeáint suíomhanna na Bowers.

 

Moltar do chustaiméirí dul chuig suíomh idirlín Uisce Éireann ar www.water.ie  nó teagmháil a dhéanamh leo tríd an ionad teagmhála custaiméara ar 1890 278 278.

 

Ba mhaith le hUisce Éireann aitheantas a thabhairt don chomhoibriú iontach trasteorann agus traschontae agus leis na hathruithe seo a chur i bhfeidhm bhí gá le stáisiún caidéalúcháin sealadach a thógáil chun Soláthar Uisce Bhéal Átha Seanaidh a neartú, chomh maith le stráicí móra píblíne a chur síos agus mionathruithe a dhéanamh ar na stáisiúin chaidéalúcháin ar fud an ghréasáin. Tosaíodh ar an obair seo ó thús na heachtra ag an deireadh seachtaine, agus rinneadh í le linn droch-choinníollacha aimsire agus bhí suas le 30 ball foirne údaráis áitiúil páirteach ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO