Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cosc Píobáin ag Uisce Éireann

Eisíonn Uisce Éireann Ordú Caomhnaithe Uisce

Preas-Ráiteas 05/07/2018

 

Tá Ordú Caomhnaithe Uisce, nó cosc píobáin mar is fearr aithne air, eisithe ag Uisce Éireann ó 8am Dé hAoine 6 Iúil go dtí meánoíche Dé Máirt 31 Iúil, de bharr an triomaigh atá ag leanúint ar fud na tíre.

 

Tá muid buíoch den phobal as a gcuid iarrachtaí caomhnaithe go dtí seo agus tá muid ag tathant orthu leanúint ar aghaidh ag caomhnú uisce chun cuidiú linn an soláthar uisce a chosaint anois agus sna míonna amach romhainn.

 

Tá curtha in iúl ag Met Éireann nach raibh mórán fearthainne le 30 lá anuas, agus tá meán-easnamh taise de 60mm sa chré, rud a chiallaíonn, fiú dá mbeadh fearthainn ann, nach sroichfeadh aon uisce an soláthar uisce go ceann seachtaine ar a laghad mar go súfadh an talamh é.

 

Tá deimhnithe ag Uisce Éireann go mbeidh Ordú Caomhnaithe Uisce, nó cosc píobáin mar is fearr aithne air, i bhfeidhm ó 8am Dé hAoine 6 Iúil go dtí meánoíche Dé Máirt 31 Iúil 2018 i dtaca le gach soláthar poiblí uisce tí agus i dtaca le gníomhaíochtaí neamhthráchtála i bhfoirgnimh ghnó e.g. Ag cur uisce i ngairdíní atá ceangailte le foirgneamh gnó.  Is ionann scóip an Ordaithe seo agus an ceann a cuireadh i bhfeidhm i Mór-Cheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC) Dé Luain 2 Iúil 2018. Féadfaidh Uisce Éireann scóip an dá orduithe a athbhreithniú sna seachtainí amach romhainn.

 

Tá an t-ordú eisithe de bharr an triomaigh atá ag leanúint agus chun an soláthar uisce a chosaint anois agus sna míonna amach romhainn. Tá ráite ag Met Éireann gur beag fearthainn a bhí ann le 30 lá anuas agus táthar ag tuar nach mbeidh mórán fearthainne ann go ceann seachtaine ar a laghad, rud a chuirfidh leis an triomach.

 

Tá na leibhéil arda de sholas gréine ag cur leis na leibhéil ghalaithe ar na foinsí uisce.  Tá meán-easnamh taise de 60mm sa chré faoi láthair, rud a chiallaíonn, fiú dá mbeadh fearthainn ann, nach sroichfeadh aon uisce na foinsí uisce mar go súfadh an talamh é. Tá an triomach leanúnach náisiúnta seo ag cur brú ar fhoinsí uisce de réir mar a thiteann an leibhéal uisce sna haibhneacha, i lochanna agus in uisce talún.

 

Ar an mheán, tá ardú éilimh de 15% ar gach foinse uisce go náisiúnta agus de bharr na mbrúnna timpeallachta ar na huiscígh agus ar na dobharlaigh, ní féidir leis seo mairstin go ceann i bhfad.  De bharr coinníollacha taise cré, d’fhéadfadh go leor míonna a bheith i gceist sula dtiocfaidh suíomhanna beaga uisce talún chucu féin arís. Is féidir leis an Ordú Náisiúnta Caomhnaithe Uisce cuidiú chun aon mhéadú neamhriachtanach ar an éileamh a choinneáil faoi smacht le linn na tréimhse seo, agus méadú ar aon astarraingt a sheachaint ag am nuair is lú atá na foinsí amhuisce in ann tacú leis na méideanna seo.

 

Gabhann Uisce Éireann buíochas leis an phobal as a gcuid iarrachtaí caomhnaithe go dtí seo agus leanaimid orainn ag tathant ar an phobal, agus tacú leo, ina gcuid iarrachtaí an úsáid uisce a laghdú. Tá muid buíoch as na bearta ar fad a rinneadh i dtithe agus i ngnólachtaí.

 

Is í an tosaíocht is mó atá ag Uisce Éireann le linn na tréimhse triomaigh seo an soláthar uisce a chosaint lena úsáid i dtithe agus i ngnólachtaí sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Ós rud é go bhfuil an t-éileamh níos mó ná an soláthar faoi láthair, agus go bhfuil cuma air go leanfaidh an aimsir mhaith, tá an beart breise déanta ag Uisce Éireann na roghanna dleathacha atá ar fáil dúinn a úsáid. Tá cosc éifeachtach píobáin ceadaithe faoi Alt 56 (16) den Acht Seirbhísí Uisce 2007.

 

Beidh an tOrdú Caomhnaithe Uisce (cosc píobáin) i bheidh go dtí meánoíche Dé Máirt 31 Iúil le haghaidh úsáideoirí tí agus le haghaidh úsáid neamhthráchtála ag comhlachtaí tráchtála. Beidh an scéal á athbhreithniú ag Uisce Éireann i rith an ama agus is féidir go mbeidh gá le síneadh ama a chur leis an ordú.

 

Ordú Caomhnaithe Uisce

 

Seo a leanas na coisc atá i bhfeidhm:

 

Uisce a úsáid fríd phíobán uisce nó gléas den chineál chéanna ar mhaithe le -

 

  1. Gairdín a uisciú
  2. Feithicil phríobháideach a ghlanadh le píobán tí
  3. Bád príobháideach fóillíochta a ghlanadh
  4. Linn snámha tí nó linn lapadaíola tí a líonadh nó a chothabháil (ach amháin má úsáidtear gabhdáin láimhe atá líonta go díreach ó sconna)
  5. Lochán tí a líonadh nó a chothabháil (seachas locháin éisc)
  6. Scairdeán ornáideach a líonadh nó a chothabháil (seachas le haghaidh úsáidí gnó)
  7. Lochán saorga, loch saorga nó a mhacasamhail d’fhearas a líonadh nó a athlíonadh.

 

Beidh an cosc seo i bhfeidhm ó 8am 6 Iúil 2018 go dtí meán oíche 31 Iúil 2018.

 

Ní bhaineann an tOrdú Caomhnaithe Uisce seo (cosc píobáin) le toibreacha príobháideacha ná le grúpscéimeanna príobháideacha uisce. I gcomhpháirt le Cónaidhm Náisiúnta na nGrúpscéimeanna Uisce iarraimid ar gach úsáideoir uisce uisce a chaomhnú le linn na tréimhse triomaigh seo agus gach soláthar uisce a chosaint sna míonna amach romhainn.


Bhi an méid seo a leanas le rá ag Kte Gannon, Bainisteoir Gnóthaí Corparáideacha Uisce Éireann, faoin bheart dleathach seo:

 

“Is léir, de bharr an Ordú Caomhnaithe Uisce seo (cosc píobáin), go bhfuil géarghá le huisce a chaomhnú anois agus sna míonna amach romhainn. Ní mór ár gcuid foinsí soláthair uisce a chaomhnú chun cuidiú linn tuilleadh srianta agus bristeacha a sheachaint sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.

 

“Tá muid iontach buíoch as na bearta atá déanta ag daoine le huisce a chaomhnú go dtí seo agus tá súil againn, de bharr an tOrdú Caomhnaithe Uisce seo (cosc píobáin) a chur i bhfeidhm, go mbeidh daoine níos airdeallaí faoi na freagrachtaí atá orthu agus faoin tionchar a bhíonn ar a gcomharsana agus ar a bpobail nuair a úsáideann siad uisce.

 

“Tuigeann Uisce Éireann go bhféadfadh an tOrdú Caomhnaithe Uisce tionchar a imirt ar ghnólachtaí agus ar an tionscal turasóireachta agus dá bhrí sin is ar úsáideoirí tí is mó atá an cosc dírithe ach baineann sé fosta le foirgnimh ghnó nuair is gníomhaíochta neamhthráchtála atá i gceist e.g. Ag uisciú gairdíní atá ceangailte le foirgnimh ghnó.

 

“Bíonn an áisíneacht i dteagmháil le mór-úsáideoirí tráchtála atá tiomanta le huisce a chaomhnú agus tá muid iontach buíoch díobh as a gcuid iarrachtaí. Tá muid ag tathant orthu fosta gach úsáid neamhriachtanach uisce a choinneáil teoranta agus gan píobáin uisce ná niteoirí cumhachta a úsáid nuair is féidir, go háirithe mura bhfuil i gceist leis an úsáid ach cúiseanna cosúlachta.”

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO