Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cruinniú Éire Ildánach

Cruinniú i dtaca le Éire Ildánach i Leitir Ceanainn

Creative Ireland 2

An Clr. Toirealach Ó Sluaigh, Cathaoirleach agus Sarah Keaveney, Éire Ildánach le Michael O’Reilly Éire Ildánach, Joe Peoples agus Eileen Burgess ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ag an chruinniú de chuid Éire Ildánach

 

Is ar éigean a bhí spás le seasamh san Ionad Cultúrtha Réigiúnach aréir nuair a chuir foireann Éire Ildánach a gcuid pleananna in iúl maidir le clár oibre fá choinne Dhún na nGall.

 

Bhí breis agus 120 duine i láthair ó achan chearn den iarthuaisceart, agus thug siad cluas le héisteacht don mhéid a bhí le rá ag Eileen Burgess, Bainisteoir na Seirbhísí Cultúrtha i gComhairle Contae Dhún na nGall, ag an Chathaoirleach, An Clr. Toirealach Ó Sluaigh, agus ag Joe Peoples, Stiúrthóir Seirbhíse.

 

 

Creative ireland 3 

Michael Ó Reilly ó Fhoireann Éire Ildánach

 

Thug Michael O’Reilly ó Éire Ildánach spléachadh ar cad é atá i gceist leis an chlár seo agus faoin dóigh ar tháinig an spreagadh don togra seo ón ráchairt náisiúnta a bhí ar imeachtaí comórtha 2016 anuraidh.

 

Dúirt sé go bhfuiltear ag súil go gcuideoidh Clár Éire Ildánach le babhta eile fuinnimh agus go gcruthóidh sé ardán úr d’obair atá ar siúl cheana féin ar fud an chontae.  ‘Ní raibh muid ag súil go n-éireodh le Clár Comórtha 2016 chomh maith agus a d’éirigh, agus bhí baint nach beag ag ionchur agus obair na n-údarás áitiúil agus iad ag obair i gcomhpháirt lena bpobail áitiúla.  Muidne a chuir na téamaí ar fáil, an dearadh, agus rud beag maoinithe, ach tharla an chuid eile go háitiúil agus d’fhás an rud ar fad i bhfad níos mó ná mar a shamhlaigh muid riamh ag an leibhéal náisiúnta.

 

‘Is é atá i gClár Éire Ildánach straitéis chun leasa an duine agus na sochaí, agus tá sé bunaithe ar thrí bhunphrionsabal: comhoibriú agus cumarsáid; cumasú pobail; agus idirnáisiúnú.  Tá an clár ag baint le gach gné dár saol agus tá sé lárnach san obair atá ar siúl ag gach roinn rialtais.  Tá sé tábhachtach go dtuigfear go bhfuil an clár seo á sheachadadh ag an leibhéal áitiúil.’

 

Creative Ireland 1 

 

Sarah Keaveney agus Michael O’Reilly ó Éire Ildánach leis an Chathaoirleach an Clr. Toirealach Ó Sluaigh ag an chruinniú Éire Ildánach 

 

Tá cúig cholún i gceist i gClár Éire Ildánach: ag cur le cruthaitheacht gach páiste, ag cur le cruthaitheacht gach pobal, ag infheistiú sa bhonneagar cruthaitheach agus cultúrtha, Éire mar Ionad Barr Feabhais i dtaca le meáin de, agus ag cur lenár gclú domhanda.

 

Ní ghabhann Michael O’Reilly aon leithscéal as an chlár seo gan a bheith foirfe, agus admaíonn sé go bhfuil roinnt bearnaí ann a gcaithfear dul i ngleic leo.   Seachas am a chaitheamh ag déanamh taighde agus ag tástáil teoiricí, creideann sé gur chóir dul i mbun oibre.  ‘Tá a fhios againn gurb é seo an rud ceart le déanamh, agus is próiseas leanúnach oscailte é.  Tá deich sprioc leagtha amach againn don bhliain 2017, agus cuideoidh siad seo leis an chlár a chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn’.

 

Ceann de na tograí is tábhachtaí atá le cur i bhfeidhm don bhliain 2017 ná Plean Cultúir agus Cruthaitheachta a fhorbairt do gach contae.  Déanfar Plean Dhún na nGall a ullmhú sna seachtainí agus míonna amach romhainn, agus seolfaidh an tAire Heather Humphreys é níos moille sa bhliain.

 

Bhí deis ag na daoine a bhí i láthair ag an chruinniú a gcuid moltaí féin a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den chlár a shíl siad a bhí níos fóirsteanaí do Dhún na nGall, chomh maith le smaointe faoin dóigh is fearr leis an chlár a sheachadadh i nDún na nGall.  Tháinig roinnt smaointe suimiúla chun tosaigh ón chruinniú, mar shampla, moil chruthaitheachta a fhorbairt, gearrscannáin bunaithe ar Dhún na nGall, leas a bhaint as ár n-acmhainní cruthaitheacha, tacaíocht d’ealaíontóirí agus deiseanna le ealaíontóirí cónaitheacha a chur ar fáil do scoileanna, deiseanna gréasánaithe, agus oiliúint a chur ar fáil, gan ach cuid acu a lua.  Luadh chomh maith go bhfuil gá le leathanbhanda níos fearr agus córas iompair poiblí níos fearr. Cuireadh béim ar ghnéithe ar leith de chultúr Dhún na nGall, ina measc an ceol, an teanga, na hoileáin, suíomh tíreolaíoch agus naisc le hAlbain, le Ceanada agus le SAM.  

 

Iad siúd a bhí i láthair ag an chruinniú dúradh leo gur féidir smaointe agus moltaí agus tuairimí eile a sheoladh chuig Éire Ildánach trí ríomhphost chuig  [email protected].

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO