Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cruinniú Poiblí 1916 - 2016

Cruinniú Poiblí faoi 1916-2016

2016 Centenary Programme Logo

 

  

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag cur fáilte roimh choistí agus eagraíochtaí áitiúla, agus roimh dhaoine aonair, páirt a ghlacadh i gClár Imeachtaí Comórtha Céad Bliain Éire 2016.

 

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag reáchtáil cruinniú oscailte Dé Máirt, 19 Bealtaine 2015 ar 7.30pm san Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Bóthar an Phoirt, Leitir Ceanainn do dhuine ar bith a bhfuil suim acu clár imeachtaí do Dhún na nGall a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, mar chuid d'Éire 2016.

 

Is clár gníomhaíochta bliana é Éire 2016 ina bhfuil fáilte roimh achan duine a bheith páirteach, d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn mar stát daonlathach le 100 bliain anuas agus súil chun cinn a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann. 

 

Tá séacht réimse sa chlár náisiúnta, a d'fhógair an rialtas ar an 31 Márta; Searmanais Stáit; Machnamh ar an Stair; An Teanga Bheo; An Óige agus an tSamhlaíocht; Léiriú Cultúrtha; Rannpháirtíocht Phobail; An Domhan Mór agus an Diaspóra. 

 

Tá réimse na Rannpháirtíochta Pobail á stiúradh ag na húdaráis áitiúla ar fud na tíre agus tá Mícheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Pobail, Cultúir agus Pleanáil Forbartha ceaptha ina chomhordaitheoir áitiúil ag Comhairle Contae Dhún na nGall leis an chlár imeachtaí áitiúil a chomhordú.

 

Cibé acu más ball de chumann staire áitiúil thú, nó cumann spóirt, cumann amaitéarach drámaíochta nó coiste pobail, nó fiú mura bhfuil ann ach go bhfuil suim mhór phearsanta agat sa scéal seo, is deis í seo le smaointe mhalartú lena chéile, acmhainní a chomhroinnt agus a bheith páirteach san obair chun clár speisialta uathúil a chruthú le Éire 2016 a chomóradh go háitiúil.

 

Agus é ag caint ag fógairt an chruinnithe áitiúil, seo mar a labhair Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: "Tá i bhfad níos mó i gceist le hÉire 2016, mar bhliain mhachnaimh agus rannpháirtíochta do gach duine ar an oileán seo, ná comóradh foirmeálta a dhéanamh ar phríomh-imeacht stairiúil.  Is cuireadh aon-uaire céad bliain é do gach duine d'achan aois, sa bhaile agus thar lear, tionchar a imirt ar,agus páirt a ghlacadh i réimse ilghnéitheach imeachtaí stairiúla, cultúrtha agus ealaíonta, iad uilig dírithe ar mhachnamh, ar chomóradh, ar cheiliúradh agus ar phlé a chothú. Tá saibhreas samhlaíochta, fuinnimh agus físe ar fáil dúinne i nDún na nGall agsu ba mhaith liom achan duine a spreagadh le bheith páirteach, ar a ndóigh féin, sa dóigh is gur féidir linn mór-imeacht náisiúnta a dhéanamh d'Éire 2016."

 

Duine ar bith a bhfuil suim acu freastal ar chruinniú seo, ba chóir clárú trí ríomhphost chuig [email protected] roimh An Aoine 15 Bealtaine ar 4pm.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO