Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cuairteoirí ar Dhún na nGall

Blaiseadh de Shlí an Atlantaigh Fhiáin do Chuairteoirí ón AE

 

Delegates from FEDETON

An ceann nár éalaigh! Duine de chuairteoirí FEDETON i ndiaidh mangach a fháil agus iad ar thuras báid amach ó chósta Shliabh Liag, áit ar bhain siad lán na súl as aillte arda farraige sa cheantar chomh maith. Bhí na cuairteoirí i nDún na nGall fá choinne Chruinniú Cinn Bhliana FEDETON.

 

Cuireadh fearadh na fáilte roimh chuairteoirÍ ó FEDETON (EU Federation of Nautical Tourism Destinations) go Dún na nGall nuair a tháinig siad go Baile Dhún na nGall fá choinne Cruinniú Cinn Bhliana dá gcuid ní ba luaithe sa mhí, cruinniú a d'óstáil Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Turasóireacht Dhún na nGall Teo. Chuir an Clr. Terence Slowey, Cathaoirleach na Comhairle, fáilte rompu agus dúirt sé go raibh lúcháir air an deis a bheith againn gach rud atá ar fáil i nDún na nGall a chur ar taispeáint dóibh.

 

 

Eagraíocht ionadaíoch AE é FEDETON a bhfuil suim ar leith acu sa turasóireacht mhara, forbairt suíomhanna turasóireachta mara i réigiúin na mballstát, stocaireacht i gCoimisiún na hEorpa fá choinne aitheantais, agus deiseanna maoinithe a chuartú don earnáil seo, agus líonraí a fhorbairt ar fud na gceann scríbe turasóireachta mara ar nós Dhún na nGall, ar mhaithe le heolas a mhalartú agus an comhoibriú a chothú chun tairbhe na réigiún ar fad.

 

 

Delegates from FEDETON

Cuairteoirí ó FEDETON amuigh ag baint sult as turas báid go Sliabh Liag le linn dóibh a bheith ar cuairt i nDún na nGall ní ba luaithe sa mhí.

 

Nuair a bhí gnó an lae thart, bhí deis ag na cuairteoirí camchuairt an chósta a dhéanamh le Joe Haughey Tours. Rinne siad iontas mór den líon mhór bádaí iascaireachta a bhí le feiceáil sna Cealla Beaga, chomh maith leis an mhuiríne úr ansin. Baineadh siar astu le háilleacht na radharcanna tíre a bhí le feiceáil nuair a bhí siad ag dul fríd Shliabh Liag agus thart ar an chósta, go háirithe na haillte arda ansin. Beidh cuimhní cinn acu go deo ón chuairt seo acu ar an chontae s'againne.

 

 

 Delegates from FEDETON

Joy Harron, Turasóireacht Dhún na nGall Teo., le Toscairí de chuid FEDETON agus iad ar cuairt i nDún na nGall.

 

Bhí béile blasta d'iasc áitiúil ag na cuairteoirí níos moille an tráthnóna sin i dTeach Castle Murray, agus an ghrian ag dul faoi ar chuan álainn Dhún na nGall.

 

D'fhan cuid de na cuairteoirí cúpla lá sa bhreis sa chontae nuair a bhí a gcuid gnó curtha i gcrích acu, le go bhfaigheadh siad blaiseadh níos iomláine dá bhfuil ar fáil agus dúirt cuid eile acu nach fada go mbeadh siad ar ais anseo. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO