Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cuireadh roimh ghrianghrafadóirí

Cuireadh roimh ghrianghrafadóirí pictiúir a ghlacadh de Dhún na nGall

Nat Geo awards

Sa phictiúr ag Gradaim cháiliúla Ghrianghrafadóireachta National Geographic i Londain an tseachtain seo caite bhí Emer Uí Shé, Grianghrafadóir as Dún na nGall, an Clr. Séamus Ó Domhnaill (Cathaoirleach), Pat Rideal, Eagarthóir National Geographic, Sarah Ní Nualláin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Matthew Mac Siacais, Stiúrthóir Bainistíochta agus Foilsitheoir National Geographic agus Séamus Mac Conghaile, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tugadh cuireadh do roinnt de na grianghrafadóirí is fearr ar domhan teacht go Dún na nGall go bhfeicfeadh siad dóibh féin an radharcra fíorálainn atá againn, le linn Ghradaim cháiliúla Ghrianghrafadóireachta National Geographic i Londain an tseachtain seo caite.

 

Bhí toscaireacht as Dún na nGall i láthair ag an ócáid ina bhfeictear an tallann taistil nua is fearr sa RA i gcúig chatagóir: Cathracha; Dúlra; Daoine; Bia; agus Punann.

 

Ós rud é gur vótáladh é ar an ‘Áit is Fionnuaire ar an Phláinéad le Cuairt a thabhairt Uirthi’ in 2017 ag Iris mhór le rá an National Geographic bhí sé fíorspéisialta do Dhún na nGall agus arsa an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach “ní fhaightear a leithéid d’ardmholadh gach aon lá agus tá go leor suime á cur ag daoine sa chontae s’againn de bharr an ghradaim seo. De thoradh an teidil seo nach rabhthas ag súil leis ach atá tuillte go maith, tá naisc láidre cruthaithe againn leis an iris, agus cuireadh gné-alt suntasach faoi sin in eagrán Mheán Fómhair 2017 den fhoilseachán.”

 

Thug foireann eagarthóireachta National Geographic, ina measc an Stiúrthóir Bainistíochta Matthew Mac Siacais, thug siad cuairt ar Dhún na nGall roinnt uaireanta agus rinne Turasóireacht Dhún na nGall iad a óstáil rud a léirigh dóibh go díreach cad é a bhíonn le tairiscint ag Dún na nGall don taistealaí calma agus ceann de na gnéithe ba shuntasaí de na cuairteanna seo don fhoireann an radharcra a bhainfeadh d’anáil díot a bhíonn le feiceáil i nDún na nGall agus an iliomad deiseanna a chruthódh sé sin dóibh siúd atá an-tugtha don ghrianghrafadóireacht.   

 

Ag teacht as sin, tugadh cuireadh do thoscaireacht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall freastal ar  Ghradaim Ghrianghrafadóireachta National Geographic 2019 i Londain agus ar an toscaireacht sin bhí an Príomhfheidhmeannach, Séamus Mac Conghaile; Cathaoirleach, an Clr Séamus Ó Domhnaill; Oifigeach margaíochta Turasóireacht Dhún na nGall, Sarah Ní Nualláin; agus Grianghrafadóir Dhún na nGall, Emer Uí Shé. Ní amháin gur fhreastail Emer ar an ócáid, ach bhí sí ina ball fosta den Phainéal Moltóireachta ar an chomórtas.

 

Ar deireadh, ba é Daniel Burton a thug leis an chraobh sa chomórtas le portráid iontach de ghoraille sléibhe Afracach a bhí thar a bheith suntasach. 

 

Is é a dúirt Séamus Mac Conghaile, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall atá ina Chathaoirleach fosta ar Thurasóireacht Dhún na nGall, “Is cúis lúcháire dúinne i gComhairle Contae Dhún na nGall an deis a fháil a bheith ag obair le National Geographic don chomórtas mór le rá seo agus tá súil againn a bheith ag comhoibriú a thuilleadh leis an iris níos moille anonn sa bhliain”.

 

Ag labhairt don Chathaoirleach an Clr. Séamus Ó Domhnaill, ag an ócáid, mheall sé na grianghrafadóirí a bhí i láthair a theacht go Dún na nGall iad féin go mblaisfeadh siad de na radhairc thar barr agus de na deiseanna dochreidte grianghrafadóireachta a bhíonn le fáil i nDún na nGall, á rá: “nuair a bhíonn Dún na nGall le feiceáil sna foilseacháin mhóra seo bíonn ár gcontae á chur ar taispeáint go leanúnach agus an dea-theist is fearr á tabhairt air, rud a chuidíonn le Dún na nGall a bheith ar an suíomh turasóireachta is mó a bhfuil tóir air in Éirinn”.  

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO