Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cúlra Shliabh Liag

Cúlra na hoibre ar chosán úr sléibhe

Sliabh Liag path

Ag baint sult as na radharcanna áille ó bharr Shliabh Liag.

 

Nuair a shiúlann cuairteoirí ar an chosán sléibhe úr go Sliabh Liag, na haillte móra arda i nDeisceart Dhún na nGall, siúlann siad ar chlocha a tháinig as codanna eile de na cnoic cúpla ciliméadar ar shiúl.

 

Ach ní gan dua a fhaightear an chuma nádúrtha sin - bhí cuid mhór oibre le déanamh i ndrochaimsir leis an chosán a thabhairt i gcrích.

 

Tugann breis agus 160,000 duine cuairt ar Shliabh Liag gach bliain, agus tá an cosán sléibhe úr deartha sa dóigh go mbeidh siad in ann sult a bhaint as na haillte, ach chun cosaint a thabhairt don timpeallacht fosta don am atá le theacht.

 

Tá an cosán sléibhe úr, atá 2.5km ar fad, ina chuid thábhachtach den Togra Forbartha Straitéiseach €4.95 milliún ar Shliabh Liag,  a bhfuil san áireamh ann ionad cuairteoirí agus mol iompair, carrchlóis, stáisiún maor, agus rochtain níos fearr ar bhóithre.

 

Tá súil ag an Chomhairle go mbeidh an cosán seo mar eiseamláir le haghaidh oibreacha den chineál céanna ar fud na hÉireann agus thar lear fiú.  Tá an Chomhairle ar an chéad údarás áitiúil ó dheas a rinne an cineál seo oibre ar chosáin sléibhe, agus tharraing siad ar an saineolas atá ag McGowan Environmental Engineering Ltd, comhlacht atá bunaithe thall in Albain agus an-taithí acu ar thailte arda.

 

“Tá an caighdeán an-ard ar fad agus beidh sé ina thagarmharc le haghaidh oibreacha eile a d’fhéadfadh a tharlú sa chontae,” a dúirt Shaun Paul Murphy, Innealtóir Feidhmiúcháin leis an Chomhairle.

 

Bhí Ross McGowan, an stiúrthóir bainistíochta le McGowans, sa tSeanbhaile taobh amuigh de Theileann an tseachtain seo don oscailt oifigiúil. Cé go raibh dúshláin ar leith le togra Dhún na nGall, bhí go leor taithí ag comhlacht McGowans ón obair a rinne sibh ar shléibhte thall in Albain, taithí a bhí siad in ann a úsáid san obair anseo.

 

“Tá trí fhoireann de chúigear againn in Albain, sin cúig dhuine dhéag ag obair ar chosáin sléibhe ó cheann ceann na bliana,” ar seisean.  “Mar sin de, is obair í seo a dhéanaimid an t-am ar fad.”

 

Féachann McGowan le clocha áitiúla a úsáid do na cosáin, le cuma nádúrtha a thabhairt dóibh. Anseo, d’aontaigh an Chomhairle agus McGowans, i gcomhar le Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, clocha a úsáid ó na screathain ar thaobh Shliabh Liag.

 

Ach chiallaigh sin go raibh seachtainí d’obair láimhe le déanamh chun na céadta tonna de chlocha a thabhairt ó na screathain.

 

“Is de láimh a roghnaigh muid gach cloch,” a dúirt Ross.  Tá modheolaíocht iontach oilte agus leochaileach i gceist leis an obair, “agus caithfidh tú do lorg a chlúdach sa dóigh is nach mbeadh a fhios ag éinne go raibh muid ann ar chor ar bith,” ar seisean. Chuir siad giotaí caonaigh agus clocha eile ar ais san áit as ar thóg siad na clocha ón screathan lena chinntiú nár fágadh bearna ar bith.

 

SLiabh liag path arial

An cosán úr ag Sliabh Liag atá deartha ar dhóigh leis an tírdhreach ar leith a chosaint ag am nuair atá méadú ar an líon cuairteoirí.

 

 

“Nuair a bhí an chloch sin againn, agus an cineál ceart cloiche, bhí an obair i bhfad níos fusa ansin,” a dúirt Ross.

 

Ach go fóill, bhí orthu dul i ngleic leis an aimsir. I heileacaptar a tógadh na clocha chuig láthair an chosáin, agus bhí gá le cúig cinn de na turais a chur ar ceal de bharr gaoth mhór. Bhí clocha sneachta agus fuacht gaoithe a thug na teochtaí síos faoi náid.  Ach ina ainneoin sin, níor chaill criúnna oibre McGowan ach aon lá amháin oibre de bharr na haimsire, ag obair ó mhí Dheireadh Fómhair 2017 go dtí mí na Bealtaine 2018.

 

Thug Ross an chreidiúint as sin don traenáil agus don trealamh a chuireann siad ar fáil dá gcuid criúnna.  “Tá meon agus dearcadh fíorthábhachta, mar go bhfuil tú i dtimpeallacht iontach crua,” ar seisean.

 

Ar dhóigh, is iad na glúnta de dhaoine as Dún na nGall a shocraigh treo an chosáin.   Dúirt James Kelly, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach le Comhairle Contae Dhún na nGall, gur sholáthraigh an Chomhairle conair do McGowan, conair a lean an treo ba mhó siúl go dtí na haillte, conair a cruthaíodh ó choiscéim go coiscéim leis na blianta.  Tharla sé go raibh sin le fáil san áit is mó creimeadh, agus shocraigh McGowan gur laistigh den chonair sin a bheadh an cosán deiridh.

 

Cruthaíonn an cosán bealach singil soiléir fríd roinnt tailte atá deacair agus géar. Mhínigh Ross go bhfuil gá le hamharc ar an bhealach suas agus ar an bhealach síos le líne an chosáin a roghnú.  Ar an bhealach síos, is minic a bhíonn an cloigeann síos ag daoine chomh maith; tarlaíonn an chuid is mó den chreimeadh ar an bhealach síos.  Tá clocha blocála curtha in áiteanna anseo is ansiúd go straitéiseach fosta.

 

“Togtar cosáin le daoine a choinneáil orthu,” arsa Ross.   Bhí oibreacha draenála cloiche mar chuid den obair fosta, leis an chosán a chosaint agus chun draenáil nádúrtha a chur i bhfeidhm.

Dúirt James gur mhaith leis an Chomhairle aitheantas agus buíochas a ghabháil le Fáilte Éireann de bharr a gcuid tacaíochta, go háirithe de bharr na hoibre a rinne Derek Walshe agus Joan Crawford.

Ba mhaith leis fosta buíochas a ghabháil le húinéirí talún go háitiúil as a gcomhoibriú, agus dúirt sé nárbh fhéidir an togra a chur i bhfeidhm gan iad.

 

“Tá muid buíoch as an chomhoibriú leanúnach ó na húinéirí talún sin le linn don obair ar fad a bheith ar siúl,” a dúirt James, agus rinne sé tagairt ar leith do na húineirí talún in An Cheapach, Cruachlann, An Seanbhaile, An Baile Mór agus Leirg an Dachtáin.

 

Thug McGowan isteach an pobal áitiúil, baill foirne de chuid na Comhairle, agus daoine eile, chuig seisiún traenála dhá lá sna cnoic chun taispeántas a thabhairt dóibh ar phitseáil cloch do na codanna níos géire den sliabh, obair chosáin le clocha ar na codanna níos cothroime, agus draenáil agus tírdhreachú.

 

“Tá dúil mhór againn a bheith ag comhoibriú leis an phobal,” arsa Ross. “Thig linn an saineolas atá againn a úsáid leis seo a thógáil, ach ba mhaith linn go mór sin a thabhairt do bhunadh na háite fosta le go dtig leo é a chothabháil.” Is dóigh é sin le rud éigin a thabhairt ar ais don phobal, ar seisean.

 

Agus é ag admháil gur foghlaimíodh ceachtanna le linn an tionscadail ar fad, dúirt James go bhfuil togra breá curtha i bhfeidhm ag an Chomhairle a mbeidh sult le baint as ag na glúnta atá le theacht.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO