Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cúram ar na bóithre

Iarrann an Chomhairle ar thiománaithe a bheith iontach faichilleach

Agus ceathanna sneachta agus fearthainn throm tuartha don dá lá amach romhainn tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar gach ball den phobal a bheith iontach cúramach ar na bóithre agus breis ama a thabhairt dóibh féin le turas a dhéanamh.

 

Tá gach ceann de na 25 fhoireann leata grin amuigh ar na bóithre ó 5am ar maidin, ag leathadh grin ar na príomh-bhealtaí ar fad sa chontae le go mbeifear in ann tiomáint orthu, agus leanfaidh muid leis an obair seo i rith an lae agus isteach sa tráthnóna. 

 

Tá muid ag dréim go mbeidh na foirne amuigh maidin amárach arís agus tá muid ag iarraidh ar gach tiománaí a bheith iontach cúramach agus fiú má tá cóireáil déanta ar bhóthar ní féidir a bheith go hiomlán cinnte go bhfuil sé saor ar shioc, mar sin de, ba chóir a bheith thar a bheith faichilleach.

 

Is féidir leis an phobal iad féin a choinneáil ar an eolas faoi choinníollacha bóthair trí muid a leanúint ar Twitter  @roadsdcc  nó @donegalcouncil nó trí sheiceáil ar shuíomh idirlín aimsir an gheimhridh de chuid na Comhairle.

 

Tá nascanna ar an suíomh seo chuig léarscáil idirghníomhach a chuireann an t-eolas is déanaí ar fáil do thiománaithe agus d'úsáideoirí bóthair i dtaca le coinníollacha bóthair agus pleananna leata grin do na bóithre ar aon oíche ar leith.  Taispeánann sé cá háit a bhfuil na pointí bailithe gainimh agus grin don phobal chomh maith, agus tá tuar na haimsire ann le haghaidh gach uair an chloig don chuid is mó de na ceantracha sa chontae sa dóigh is go dtig leat an aimsir áitiúil a sheiceáil don chéad 2 - 24 uair amach romhainn.

 

Tá nascanna ann chomh maith chuig ceamaraí aimsire le coinníollacha a fheiceáil beo i dtrí áit ar fud an chontae.

 

Tá an suíomh seo forbartha don úsáideoir bóthair agus don tiománaí sa dóigh is go dtig leo an oiread eolais agus is féidir a fháil le go dtí leo cinnithe sábháilte tiomána a dhéanamh le linn an gheimhridh.

 

Is féidir coinneáil ar an eolas trí chuntais Twitter na Comhairle @roadsdcc nó @donegalcouncil agus ar ár leathanach Facebook nó trí cuairt a thabhairt ar an suíomh le haghaidh aimsir an gheimhridh 

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO