Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Dubai Duty Free Irish Open

Comórtas Gailf an Dubai Duty Free ina chor cinniúna do Dhún na nGall

DDF Irish Open end

An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall ag bronnadh píosa ealaíne leis an ealaíontóir áitiúil Sharon McDaid ar Rory McIlroy, in aitheantas ar Chomórtas Gailf an Dubai Duty Free Irish Open 2018 a reáchtáil i mBaile Lifín, le Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Dúirt an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, gur cor cinniúna a bhí i gComórtas Gailf an Dubai Duty Free Irish Open a reáchtáil i mBaile Lifín. Dúirt sé fosta gur éirigh le Club Gailf Bhaile Lifín agus le muintir Inis Eoghain ceann de na comórtais ghailf  is fearr de chuid an Irish Open a reáchtáil le blianta anuas.

 

“Deis iontach a bhí anseo fá choinne Chlub Gailf Bhaile Lifín agus fá choinne an phobail in Inis Eoghain a gceantar dúchais iontach speisialta a chur i láthair an domhain mhóir, suas le leathbhilliún duine, agus d’éirigh thar barr leo sin a dhéanamh”. 

 

DDF Irish Open end 4

Rory McIlroy ag tabhairt spléachadh ar an saothar ealaíne leis an ealaíontóir áitiúil Sharon McDaid, a bhronn an Clr Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, air Dé Domhnaigh in aitheantas ar a ról maidir le Comórtas Gailf an Dubai Duty Free Irish Open 2018 a óstáil i mBaile Lifín.

 

“Tháinig beagnach 95,000 duine ar cuairt go Baile Lifín ar feadh na gcúig lá den chomórtas agus níol aon amhras ormsa ach go mbeidh tionchar aige sin ar gach duine a bhí páirteach.  Creidim gur cor cinniúna é seo d’Inis Eoghain, do Dhún na nGall agus do réigiún an Iarthuaiscirt”, ars an Clr. Ó Domhnaill.

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an fhoirean ag European Tours agus dár ndóigh le Dubai Duty Free as a muinín a chur i mBaile Lifín mar ionad idéalach le haghaidh an chomórtais i mbliana.  D’éirigh thar barr leis an chinneadh seo, chan amháin de bharr an líon is mó de lucht leanúna a bhí ann ach mar gheall ar chaighdeán an ghailf a imríodh ar cheann de na galfchúrsaí is fearr sa tír, mar atá aitheanta anois.”

 

Creideann an Clr. Ó Domhnaill gurb é an rún atá taobh thiar den ráth a bhí ar an chomórtas i mbliana ná an comhoibriú idir gach duine agus iad ag obair le chéile ar son an aon chuspóir comónta amháin le go mbeadh ráth agus bláth ar an chomórtas seo, chan amháin don lucht eagraithe ach do mhuintir Inis Eoghain agus do Dhún na nGal.

 

DDF Irish Open end 3

Sa phictiúr ag Comórtas Gailf an Dubai Duty Free Irish Open i mBaile Lifín Dé Domhnaigh tá na Comhairleoirí Contae le haghaidh Cheantar Bardais Inis Eoghain, in éineacht leis an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Martin Farren, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Inis Eoghain, An Teachta Dála Charlie McConagloue TD, Séamus Ó Conghaola agus Liam Mac an Bhaird, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

“Tá traidisiún againne sa taobh seo tíre as bheith ag comhoibriú lena chéile, ag tacú lena chéile agus meas againn ar an spiorad láidir pobail, agus ní raibh sé seo riamh níos soiléire ná mar a bhí sé i nDún na nGall, go háirithe in Inis Eoghain, le roinnt míonna anuas.  Ba mhaith liom aitheantas agus buíochas a ghabháil leis na háisíneachtaí ar fad a d’oibrigh le chéile lena chinntiú gur éirigh leis an ócáid seo, go háirithe An Garda Síochána, Fáilte Éireann, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, agus leoga Comhairle Contae Dhún na nGal”. 

 

“Ba mhaith liom fosta aitheantas a thabhairt don obair a rinne na pobail áitiúla agus na gnólachtaí ar fud Inis Eoghain.  Ba léir do gach duine, agus iad ag tiomáint fríd Inis Eoghain le cúpla lá anuas, an bród atá ag bunadh na háite as a bpobail féin.  Ba mhaith liom focal speisialta a rá faoi oibrithe Chomhairle Contae Dhún na nGall, go háirithe na foirne áitiúla bóthair a d’oibrigh ó dhubh go dubh lena chinntiú go raibh an leithinis réidh don ócáid seo agus arís d’éirigh thar barr lena gcuid iarrachtaí gan amhras”.

 

“Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne John Farren agus baill Chlub Gailf Bhaile Lifín.  Bhí an fhís, an tiomantas agus an uaillmhian acu an mhór-ócáid dhomhanda seo a reáchtáil, ach ní thar oíche a tharla sin.  D’oibrigh siad ar feadh na mblianta leis an sprioc seo a bhaint amach agus tá a fhios agam gur mhaith leo tógáil air seo anois agus leanúint ar aghaidh ag óstáil imeachtaí móra mar seo san áit álainn ghleoite seo”.  

 

DDF Irish Open end 2

An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag bronnadh saothar ealaíne leis an ealaíontóir áitiúil Siobhán McDaid ar Rory McIlroy in aitheantas ar Chomórtas Gailf an Dubai Duty Free Irish Open 2018 a óstáil i mBaile Lifín, in éineacht le Colm McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach le Dubai Duty Free.  Sa ghrianghraf chomh maith tá John Farren, Club Gailf Bhaile Lifín, Paddy McDermott, An Captaen, Club Gailf Bhaile Lifín, Séamus Ó Conghaola, Comhairle Contae Dhún na nGall, Simon Ellis, European Tours agus an Clr. Martin McDermott.

 

Le Comórtas Gailf an Dubai Duty Free Irish Open 2018 a chomóradh i mBaile Lifín, bhronn an Cathaoirleach, thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall, dhá shaothar ealaíne ar Rory McIlroy, óstach an chomórtais, agus ar Simon Ellis ó European Tours. Tá glóir agus maorgacht an ghalfchúrsa i mBaile Lifín le feiceáil sna saothair ealaíne seo.  Bronnadh saothar ealaíne dar teideal ‘Island of Green Cloak’, leis an ealaíontóir Ben Holmes as Carn Domhnach, ar John Farren, Bainisteoir ar Chlub Gailf Bhaile Lifín, chomh maith in aitheantas ar an ról tábhachtach a bhí aige an comórtas tábhachtach seo a mhealladh agus a reáchtáil i mBaile Lifín.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO