Dumpáil mhídhleathach ag Croisbhealaí Bhaile na Leice ar maidin
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas a ghabháil leis na meáin agus leis an phobal as eolas a thabhairt dúinn fá dtaobh de dhumpáil mhídhleathach a tharla ag croisbhealaí Bhaile na Leice.
Tá an Maor Bruscair Brian McBrearty i ndiaidh cuairt a thabhairt ar an tsuíomh agus ghlan sé an áit inniu.
“Is é an rud is measa faoi seo uilig’ arsa Brian ‘ná gur féidir 99% den bhruscar a dhéantar a dhumpáil mar seo a athchúrsáil agus go bhfuil bancanna athchúrsála, saor in aisce, níos lú ná 2km ón áit ar dumpáladh an bruscar’.
‘Tá an áit glanta againn anois agus tá an bruscar curtha i málaí againn agus beidh an t-aonad bailithe bruscair amuigh níos moille sa tráthnóna lena thógáil’.
An suíomh i ndiaidh d’fhoireann bhainistiú bruscair na Comhairle é a ghlanadh.
‘Úsáidimid ceamaraí CCTV le daoine a fheiceáil i mbun dumpáil mhídhleathach mar seo agus beidh muid ag coinneáil súil ar an tsuíomh seo féachaint an dtarlóidh sé seo arís. Is é seo an dara huair laistigh de cheithre seachtaine a bhí orainn an suíomh seo a ghlanadh’.
‘D’iarrfaimis ar bhaill den phobal gan aon bhruscar a dhumpáil go mídhleathach. Chan amháin go gcuireann sé droch-chuma ar an timpeallacht ach tá sé i gcoinne an dlí agus d’fhéadfaí fíneáil suas le €3,000 a ghearradh ort’.
Má tá eolas agat faoi aon dumpáil mhídhleathach atá ag tarlú i do cheantarsa, cuir scéala chuig an Chomhairle trí scairt a chur ar 074 91 53900 nó ar líne ag www.donegalcoco.ie .
Bruscar curtha isteach i málaí agus ag fanacht lena bhailiú ag an Aonad Soghluaiste Bruscair