Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Éire Portaingéil TFC

Comhdháil Ghnó idir Éirinn agus an Phortaingéil

Michael Tunney

Mícheál Ó Tonnaigh, Ceannasaí Fiontair i nDún na nGall 

Ba chóir do chomhlachtaí teicneolaíochta agus TFC in Éirinn, atá ag iarraidh margaí úra a aimsiú, smaointiú faoi na féidearthachtaí fáis atá le fáil sa Phortaingéil, dar le Mícheál Ó Tonnaigh, Ceannasaí an Oifig Fiontair Áitiúil i nDún na nGall.

 

Agus é ag caint roimh an Mhisean Trádála idir Éirinn agus an Phortaingéil maidir leis an Earnáil TFC, a bheas ar siúl in Óstán agus Club Tuaithe Bhaile Uí Rócháin i Sord, Contae Bhaile Átha Cliath ar an 12 agus 13 Meitheamh, dúirt sé go gcreideann sé go mbeidh tairbhe mhór ann do na comhlachtaí Éireannacha sin a thiocfaidh chuig an ócáid.

 

“Creidimid go bhfeicfidh na comhlachtaí as an Phortaingéil agus as Éirinn go bhfuil dearcadh comhchoiteann acu i dtaca leis an nuálaíocht agus an comhoibriú. Tá muid cinnte go n-eascróidh comhpháirtíochtaí úra fadtéarmacha as an chomhdháil seo, maidir le deiseanna áitiúla agus réigiúnacha laistigh den Eoraip, chomh maith lena seasamh sa mhargadh domhanda a neartú.”

 

Is é seo an chéad mhisean trádála dá chineál agus beidh comhlachtaí páirteach ann a dhéanann speisialtóireacht i ndearadh agus forbairt bogearraí, tástáil bogearraí, VR agus scéalaíocht dhigiteach.

 

Beidh cainteanna ann ó chomhlachtaí Éireannacha agus Portaingéalacha atá ag saothrú i ngort na teicneolaíochta, chomh maith le seisiúin eolais, cruinnithe bróicéireachta agus deiseanna chun gréasánú.

 

Tá an ócáid á reáchtáil i gcomhpháirt le Gréasán Gnó na hÉireann agus na Portaingéile agus i gcomhar le IAPMEI agus Comhairle Contae Dhún na nGall thar ceann na nOifigí Fiontair Áitiúil in Éirinn, An Páirtnéir le haghaidh Ghréasán Fiontair na hEorpa in Éirinn.

 

Dúirt Aoife Healy, an Cathaoirleach ar Ghréasán Gnó na hÉireann agus na Portaingéile go bhfuil cuid mhór cosúlachtaí idir na geilleagair in Éirinn agus sa Phortaingéil, agus go bhfuil tréithe comhchoiteanna cultúrtha idir an dá thír, rud a éascaíonn an comhoibriú eatartha.

 

“Tchítear Éire mar cheannaire teicneolaíochta laistigh den Eoraip, tríd an infheistíocht atá meallta aici ó chomhlachtaí móra agus de bharr na tacaíochta a thugann sí don fhiontraíocht dhúchasach agus don nuálaíocht. Tá fórsa oibre ag an Phortaingéil atá óg, dea-oilte, agus soghluaiste, agus tá siad ag cur béim mhór ar an earnáil seo den gheilleagar anois, agus tá fás mór ar an líon gnólachtaí úra ina achan réimse den teicneolaíocht ó fintech go dtí VR,” a dúirt sí.

 

Agus í ag rá chomh maith go bhfuil cuid mhór le tairiscint dá chéile ag Éirinn agus ag an Phortaingéil ó thaobh deiseanna gnó agus scileanna san earnáil seo, dúirt Cathaoirleach ar Ghréasán Gnó na hÉireann agus na Portaingéile go n-osclódh an Misean Trádála i mBaile Átha Cliath deiseanna úra comhoibrithe agus comhghuaillíochta.

 

Moltar do chomhlachtaí Éireannacha atá ag obair sna hearnálacha TFC agus Teicniúla, agus ar spéise leo tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna fáis sa Phortaingéil, teacht chuig an chomhdháil ar an 12 agus 13 Meitheamh.

 

Táthar ag glacadh le léirithe spéise fá choinne áirithintí ar líne ag: https://bit.ly/2WhEtYT  

 

Is féidir le haon ghnólacht ar mhaith leo tuilleadh eolais dul i dteagmháil fosta le Eileen Kelly ag an Oifig Fiontair Áitiúil, Dún na nGall - [email protected]

 

“Tá naisc iontacha anois idir an Phortaingéil agus Éirinn, rud a chuidíonn le cúrsaí gnó a éascú agus tá muid ag súil go mór le fás láidir a fheiceáil sa chaidreamh trádála idir an dá thír,” a dúirt Mícheál Ó Tonnaigh mar fhocal scoir.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO