Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Éirithe thar barr le Laethanta Athchúrsála

Éirithe thar barr le Laethanta Athchúrsála Ábhar Leictreacha

40 tonna de dhramh-earraí leictreacha bailithe, lenar líonadh naoi gcinn de leoraithe altacha  

 

Le linn mhí Lúnasa na bliana seo reáchtail Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le WEEE Éireann, ocht gcinn de laethanta athchúrsála aon-uaire, saor in aisce, le haghaidh earraí leictreacha, ar fud an chontae. Bhí na laethanta seo ar siúl ar feadh trí dheireadh seachtaine ar an Fhál Charrach, Carraig Airt, An Bun Beag, Bun Cranncha, Leifear, na Cealla Beaga, Bun Dobhráin agus Gleann Cholm Cille.

 

Bailíodh 40 tonna de gach cineál dramh-earraí leictreacha agus leictreonacha, idir mhór agus bheag, lena n-athchúrsáil, rud a líon naoi gcinn de leoraithe altacha san iomlán.   Sa Bhéarla, seasann WEEE fá choinne 'waste electrical and electronic equipment', agus bunaíodh WEEE le deis a thabhairt don phobal a seanearraí leictreacha agus leictreonacha a thabhairt ar ais chuig an lucht gnó saor in aisce.   Fágann seo má tá an ghnólacht i ndiaidh fógra seachadta 24 huaire a thabhairt do shealbhóir tí, agus má tá do shean-earra réidh le bailiú, go gcaithfidh an ghnólacht an sean-earra a bhailiú nuair atá an t-earra nua á sheachadadh, go huile is go hiomlán saor in aisce.   Mura bhfuil an t-earra réidh le bailiú láithreach, agus má tá fógra seachadta 24 huaire tugtha don sealbhóirí tí, is féidir leis an sealbhóir tí an t-earra a thabhairt ar ais chuig an ghnólacht nó chuig ionad athchúrsála. Más rud é, áfach, nach bhfuil fógra seachadta 24 huaire tugtha ag an ghnólacht, is féidir leis an sealbhóir tí iarraidh ar an ghnólacht teacht ar ais agus an sean-earra a thógáil laistigh de 15 lá.   

 

Ba chóir do thomhaltóirí atá ag ceannach earraí ar an idirlíon nó ó chatalóga, a fhios a bheith acu go gcaithfidh an díoltóir a chinntiú gur féidir earraí leictreacha a sheoladh ar ais saor in aisce ar bhonn 'ceann amháin ar cheann amháin'.  Caithfidh siad fosta fógra infheicthe a chur ar a suíomh idirlín, ar a gcatalóg nó ar fhógraí a chuireann in iúl go bhfuil an tseirbhís 'tabhair ar ais' seo ar fáil.  

 

Caithfidh gnólachtaí leictreacha níos mó, a bhfuil díolacháin níos mó ná 400 méadar cearnach acu, caithfidh siadsan earraí beaga leictreacha agus leictreonacha (ní lú ná 25cm) a ghlacadh ar ais saor in aisce agus gan aon cheangal ceann nua a cheannach.   Tabhair dramh-earraí leictreacha ar ais chuig ceann ar bith de na sé Ionad Athchúrsála i nDún na nGall, saor in aisce.  

 

Is féidir leat do chuid dramh-earraí leictreacha a thabhairt ar ais saor in aisce ó thús deireadh na bliana chuig aon cheann de na sé ionad athchúrsála i nDún na nGall. Tá na hionaid athchúrsála lonnaithe i Leitir Ceanainn, An Lathaigh, Baile na nGallóglach, Carn Domhnach, An Clochán Liath agus Srath an Urláir.   Glactar le gach méid agus gach cineál earra leictreach nó earra leictreonach, nach bhfuil de dhíth níos mó, lena n-athchúrsáil saor in aisce, go bunúsach rud ar bith a oibríonn le plocóid nó cadhnra. Féach na huaireanta oscailte ar www.brysonrecycling.org . 

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar earraí leictreacha nó leictreonacha a athchúrsáil saor in aisce tabhair cuairt ar www.ccdhunnangall.iewww.weeeireland.ie nó déan teagmháil le David Friel, Oifigeach Athchúrsála, ar 074 9176274 nó Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola ar 074 9176276.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO