Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fáiltiú Baile Slachtmhar

Ócáid Fáiltithe do Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn

 

 Letterkenny Tidy Towns Civic Reception 379 x 269

Denis Doyle, Leaschathaoirleach ar Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn le Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall,  An Clr Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall, Anne McGowan, Cathaoirleach ar Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn, An Clr Gerry McMonagle, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, Gerry Burke, Uachtarán ar an Chlub Rotary, Leitir Ceanainn agus Mary Farrelly, Uachtarán ar Chlub Lyons, Leitir Ceanainn in éineacht le baill thofa ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus aíonna speisialta ag an Searmanas Oifigiúil Dé Luain, 7 Nollaig, a óstáladh in ómós do bhua Bhailte Slachtmhara Leitir Ceanainn i gComórtas Bailte Slachtmhara SuperValu na bliana seo.

 

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall ómós do Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn tráthnóna inné (Dé Luain) ag Searmanas Oifigiúil i dTeach an Chontae, Leifear ar 5pm. 

 

Ba iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus Ceantar Bardais Leitir Ceanainn beirt a d'eagraigh an Searmanas Oifigiúil seo i gcomhpháirt lena chéile mar aitheantas ar bhua Chosite Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn i gComórtas Bailte Slachtmhra SuperValu  in 2015.

 

Bhí lúcháir ar an Clr. Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, a bheith ag comh-reáchtáil an tsearmanais oifigiúil seo, agus seo mar a labhair sé: "Tá lúcháir orm a bheith in ann ómós a thabhairt do na fir agus do na mná a d'oibrigh chomh crua sin chun feabhas a chur ar dhreach agus ar chuma Leitir Ceanainn.  Tá Leitir Ceanainn ar an bhaile is mó atá againn, agus tá mórtas agus bród ar an phobal i Leitir Ceanainn agus ar gach duine sa chontae as an bhua mar an Baile is Slachtmhaire in Éirinn.

 

Dúirt an Clr. Gerry McMonagle, Méara Leitir Ceanainn, gur ceart agus gur cóir don Chomhairle Contae agus do Cheantar Bardais Leitir Ceanainn an méid an t-éacht mór atá bainte amach ag Coiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn a aithint.

 

"Creidim go bhfuil sé ceart agus cóir go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall agus Ceantar Bardais Leitir Ceanainn araon ag tabhairt ómóis le chéile d'obair chrua agus do dhúthracht an choiste seo.  Is iontach na héachtaí atá déanta acu agus tá an bua seo bunaithe ar fhréamhacha láidre an choiste i measc an phobail agus d'oibrigh siad gan stad gan staonadh ar feadh na mblianta fada le Leitir Ceanainn a choinneáil i measc na mbailte slachtmhara is fearr sa tír."

 

Ainmníodh Leitir Ceanainn ar an bhaile is fearr as 862 bhaile agus shráidbhaile ar fud na tíre a bhí páirteach i gcomórtas na bliana seo. Ainmníodh é fosta mar an Ionad Uirbeach Mór is Slachtmhaire in Éirinn. Chuir an baile mór isteach ar an chomórtas gach bliain ó cuireadh tús leis i 1959.

 

Is coiste bailte slachtmhara de 18 mball a rinne an obair, chomh maith le rannpháirtithe ón Scéim Fostaíochta Pobail, slua mór d'oibrithe deonacha agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Is é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na moltóirí i dtaca le Leitir Ceanainn de ná an tírdhreachú agus an obair a rinneadh ar na spásanna oscailte. 'Ar fheabhas', 'thar barr', 'go hiontach ar fad' na téarmaí a úsáideadh le cur síos air, rud a thuill 49 marc don bhaile as uasmhéid de 50.

 

 ‌‌LetterkennyTT

Príomh-Fheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall Séamus Ó Conghala, An Clr Gerry McMonagle, Meara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, An Clr Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall, Anne McGowan, Cathaoirleach ar Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn agus Denis Doyle, Leas-Chathaoirleach ar Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn ag an Searmanas Oifigiúil Dé Luain, 7 Nollaig, in ómós do bhua Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn i gComórtas Bailte Slachtmhra SuperValu na bliana seo.

 

Tugadh ardmholadh ar leith do na limistéir ghlasa sa bhaile mhór, ach is beag áit sa bhaile a fágadh gan lámh an gharraíodóra le feiceáil ann, agus cuireadh líon dochreidte plandaí i lár an bhaile mhóir, 30,557 san iomlán.

 

Tá bua Leitir Ceanainn ar an ochtú huair a bhain Contae Dhún na nGall an phríomhdhuais sa chomórtas; an uair dheireanach nuair a ainmníodh na Gleannta ar an bhaile mhór ba shlachtmhaire in Éirinn i 1995.

 

Tá Coiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn ar an fhód ón bhliain 1959 agus bhí Noel Crossan, duine de na bunaitheoirí, i láthair ag an ócáid tráthnóna inné.  Bhí baill eile i láthair atá bainte leis an choiste ó na 1970aidí, ina measc Benny Sweeney, Tony Murray, leo Cullen agus Nicholas McCormack.

 

Agus tocht ag teacht uirthi le linn a cainte, thug Anne McGowan, cathaoirleach ar Choiste Bailte Slachtmhara Leitir Ceanainn, aitheantas don obair iontach a rinne gach duine a bhí páirteach agus gheall sí dá raibh i láthair nach mbeadh an coiste ag ligint a maidí le sruth i mbliana agus go leanfadh siad ag obair go dian dícheallach le Leitir Ceanainn a choinneáil a choinneáil i measc na mbailte is slachtmhaire in Éirinn.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO