Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fáiltiú Oifigiúil Jason Quigley

Fáiltiú Oifigiúil don Dornálaí Buacach Jason Quigley

 

 

 

 

Beidh An Cathaoirleach, An Clr. Ciarán Ó Brógáin agus comhaltaí tofa eile ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt ómóis do 'Rí an Fháinne' i nDún na nGall, mar atá, Jason Quigley, 24 bliana d'aois, tráthnóna inniu ag searmanas oifigiúil i dTeach an Chontae, Leifear ar 5pm. 

 

Tá an Searmanas Oifigiúil seo á reáchtáil mar aitheantas ar éacht Jason nuair a bhain sé an Bonn Óig i gCraobhchomórtas Dornálaíochta Amaitéarach na hEorpa (Rannóg an Mheánmheáchain) agus na héachtaí ar fad atá bainte amach aige sa Dornálaíocht go dtí seo.

 

I láthair ag an ócáid i gcomhar leis an Chathaoirleach, comhaltaí tofa agus baill foirne na Comhairle beidh Jason é féin, a fhoireanna bainistíochta, ionadaithe ón Chumann Amaitéarach Dornálaíochta, clubanna áitiúla dornálaíochta, a mhuintir féin agus aíonna speisialta.

 

Chuir an Cathaoirleach, an Clr. Ciarán Ó Brógáin, síos ar Jason mar dhuine de na laochra spóirt is fearr i nDún na nGall agus tá lúcháir air a bheith in ann an searmanas oifigiúil seo a reáchtáil in ómós dá bhfuil bainte amach aige sa dornálaíocht go dtí seo. 

 

"Is ceart agus is cóir dúinn ómós agus aitheantas a thabhairt do na héachtaí atá déanta ag Jason Quigley i saol na dornálaíochta.  Spreag sé bród mór i measc an phobail i nDún na nGall, agus chan amháin gur eiseamláir den chéad scoth é don aos óg ach is ambasadóir den chéad scoth é don chontae agus tá sé ar dhuine de na laochra spóirt is fearr atá againn".

 

"Cé gur lá Jason atá ann seo, is deis iontach é chomh maith chun súil a chaitheamh siar ar na héachtaí atá déanta ag an phobal dornálaíochta i nDún na nGall agus ómós a thabhairt chan amháin do na laochra spóirt ach dóibh siúd uilig a thug an dornálaíocht amaitéarach i nDún na nGall go dtí an staid ina bhfuil sí inniu.  Ní féidir linn neamart a dhéanamh san obair chrua, sa dúthracht agus sa díograis gan bhuíochas atá déanta agus léirithe ag na daoine seo uilig, agus is lá é seo inniu dóibh uilig suí siar agus amharc siar ar a bhfuil bainte amach acu."

 

Chaith Jason tréimhse iontach rathúil ag dornálaíocht ar bhonn amaitéarach agus bhain sé an chéad áit amach in AIBA na hEorpa agus sa Domhan.  Sa bhreis ar an líon mór teideal áitiúil agus náisiúnta atá bainte aige, rinne sé ionadaíocht ar son na hÉireann agus ghnóthaigh sé trí bhonn óir Eorpacha ag leibhéil na hÓige, faoi 23 agus mar Amaitéarach, chomh maith le Bonn Airgid i gComórtas Amaitéarach an Domhain idir 2009 agus 2013.

 

I mí Aibreáin 2014 shocraigh Jason troid go gairmiúil agus go díreach mar a bhain sé gach rud a bhí roimhe i saol na dornálaíochta amaitéirigh, tá sé ag déanamh amhlaidh anois ag an leibhéal gairmiúil óna bhunáit in Los Angeles, na Stáit Aontaithe. Bhain sé a naoú comhrac gairmiúil ar na mallaibh, agus é ag dornálaíocht mar bhall den ghrúpa Golden Boy Promotions atá á reáchtáill ag Oscar De La Hoya - fear a bhfuil bonn óir bainte aige sna Cluichí Oilimpeacha agus 10 gcinn de theidil dornálaíochta ag meáchain éagsúla.

 

In 2013 bhain Jason bonn óir ag Comórtas Amaitéarach na hEorpa i Mionsc, An Bhealarúis, agus ar an ócáid sin bhuail sé Bogdan Juratoni as an Rómáin, iar-Curadh Daltaí na hEorpa agus bonn cré-umha aige ó Chomórtas Dornálaíochta Amaitéirí an Domhain, sa bhabhta ceannais de rannóg an mheánmheáchain (-75kg).

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO