Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Feabhsú píopaí uisce

Uisce Éireann ag feabhsú píopaí uisce idir Ghort an Choirce agus An Fál Carrach

 

Irish Water Logo 379 x 269

 

Tá Uisce Éireann, ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, ar tí toiseacht ar oibreacha idir An Fál Carrach agus Gort an Choirce leis an soláthar uisce a fheabhsú agus leis an sileadh uisce a laghdú chun leasa custaiméirí áitiúla.

 

 

Is é atá i gceist leis na hoibreacha athnuachana uisce seo ná thart fá 1.7 ciliméadar de sheanphíopaí, a bhfuil drochbhail orthu, a dhíchoimisiúnú agus a tharraingt amach agus cinn úra nua-aimseartha phlasteacha ard-dlúis a chur isteach ina n-áit.

 

 

 Tá na hoibreacha mar chuid de Chlár Náisiúnta Uisce Éireann um Laghdú Sceitheadh Uisce, rud a laghdóidh an sceitheadh an-ard uisce ar fud na tíre trí sheanphíopaí a dheisiú, nó cinn úra a chur ina n-áit, sna ceithre bliana amach romhainn.  Is iad Farran’s Construction Limited a bheas i mbun an chonartha agus glacfaidh sé thart fá 12 sheachtain lena chur i gcrích.

 

 

 Nuair a bheas an obair críochnaithe beidh soláthar níos fearr uisce ann do chustaiméirí mar gheall ar an laghdú a bheas ar an sceitheadh uisce agus ar an líon poll.

 

Agus é ag tabhairt níos mó eolais faoina bhfuil i gceist seo an méid a dúirt Declan Cawley, Ceannasaí Réigiúnach an Ghréasáin Uisce le hUisce Éireann: “Is é a bheas i gceist leis na hoibreacha ná sean-phríomhphíopaí a dhíchoimisiúnú agus cinn úra a chur ina n-áit idir Gort an Choirce agus An Fál Carrach, sna bailte fearainn Baile an Easa agus Cill Ulta, Contae Dhún na nGall. 

 

 

“Beidh i gceist sna hoibreacha seo fosta ceangail úra seirbhísí uisce a chur síos ón phríomhphíopa poiblí sa bhóthar go dtí teorainneacha ar thailte custaiméirí agus ansin iad a cheangal le soláthar uisce an chustaiméara.

 

 

 “Beidh muid ag obair ar stráicí gairide ag aon am amháin le nach gcuirfidh muid isteach ar chustaiméirí níos mó ná mar is gá. Is féidir go mbeidh orainn an soláthar uisce a stopadh go ceann tamall gairid ó am go chéile, agus déanfaidh an fhoireann oibre cinnte go mbeidh fógra 48 n-uaire, ar a laghad, roimh ré ag custaiméirí sula ndéanfar aon stopadh atá beartaithe.

 

 

 “Beidh bainistiú tráchta i bhfeidhm le linn an ama seo. Beidh cead bealaigh ag feithiclí áitiúla agus ag feithiclí éigeandála i rith an ama. Tuigimid gur féidir leis an chineál seo oibre cur isteach ar dhaoine agus déanfaidh na criúnna oibre nach gcuirfear isteach ar dhaoine thar mar is gá leis an obair seo a dhéanamh.”

 

 

 Tá fógra tugtha do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí sa cheantar, a rachaidh na feabhsúcháin bheartaithe seo chun sochair dóibh, agus is féidir le custaiméirí scairt a chur ar Uisce Éireann ar Callsave 1850 278 278 má tá ceist ar bith acu faoin togra.

 

 

 Ba mhaith le hUisce Éireann ár léithscéal a ghabháil roimh ré as aon dóigh a gcuirfidh na hoibreacha riachtanacha seo isteach ar dhaoine. Beidh tuairiscí rialta ar na hoibreacha sa cheantar ar an leathanach idirlín a bhaineann le Tuairiscí Soláthair Uisce ar shuíomh idirlín Uisce Éireann arhttps://www.water.ie/water-supply/supply-and-service-update/

 

Tá tuilleadh eolais maidir le Clár Uisce Éireann le haghaidh Laghdú Sceitheadh Uisce ar fáil ar shuíomh idirlín Uisce Éireann chomh maith     www.water.ie

 

 

Tá an tionscadal seo mar chuid de phlean infheistíochta Uisce Éireann. Tá tosaíochtaí leagtha amach do na hoibreacha le dul i ngleic leis na hábhair is práinní agus is tábhachtaí de réir na gcoimitmintí atá leagtha amach i bPlean Gnó Uisce Éireann. Beidh infheistíocht de €5.5 billiún de chaiteachas caipitil i gceist sa phlean gnó le haghaidh uisce óil agus cáilíocht agus toilleadh fuíolluisce, agus bonneagar úr suas go dtí 2021. Tá infheistíocht i dtionscnaimh chun sceitheadh uisce a laghdú agus cáilíocht an uisce a chinntiú sa phlean seo, ar a dtugtar an Clár um Laghdú Sceitheadh Uisce, ar a mbeidh infheistíocht de €512 milliún le linn na tréimhse go dtí 2021. Tá na hoibreacha seo fíorthábhachtach le soláthar uisce atá glan, sábháilte agus iontaofa a chinntiú chun tacú le daonra agus le geilleagar atá ag méadú agus ag fás.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO