Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Feachtas in éadan Salú Madaí

Feachtas i mBun Dobhráin i gcoinne salú madaí

 

Bundoran Tidy Towns launch anti dog-fouling 2017

 

Cathaoirleach ar Choiste Bailte Slachtmhara Bhun Dobhráin, Michael Mac Mathúna (ar dheis)

Le hOifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin, Shane Smyth agus

Oibrithe deonacha le Coiste Bailte Slachtmhara Bhun Dobhráin

 

Go díreach roimh shéasúr gnoitheach na Cásca, tá oibrithe deonacha Choiste Bailte Slachtmhara Bhun Dobhráin i ndiaidh feachtas a thoiseacht le stad a chur le salú madaí thart fán bhaile cósta, go háirithe ar na siúlóidí cósta thart fá Roguey agus an Taobh Thiar. 

 

Mar chuid den fheachtas beidh póstaeir ar taispeáint i ngnólachtaí ar fud an bhaile mhóir, málaí caca ar fáil saor in aisce ón oifig turasóireachta, chomh maith le feachtas ar na meáin shóisialta le tathant ar úinéirí madaí glanadh suas i ndiaidh a gcuid peataí.

 

Agus é ag caint ag an tseoladh, is é a dúirt Cathaoirleach Choiste Bailte Slachtmhara Bhun Dobhráin Michael Mac Mathúna ná ‘in ainneoin ár gcuid iarrachtaí is fearr, tá fadhb mhór sa bhaile go fóill i dtaca le salú madaí.  Tuigimid nach féidir dul i gcoinne riachtanais an nádúir, ach ba mhaith linn iarraidh ar shiúlóirí madaí mála a thabhairt leo agus glanadh suas i ndiaidh a gcuid peataí.  Is féidir málaí ina bhfuil cac madaidh a chur isteach in aon bhosca bruscair, chan amháin i mboscaí madaidh.  Tá contúirtí sláinte ag baint le salú madaidh ar na cosáin agus ar an fhéar, go háirithe do pháistí. Má ghlactar isteach i gcorp daoine iad, is féidir leo fadhbanna súl, ae, inchinne agus anála a chruthú, mar shampla an plúchadh, heipitíteas agus titeamas. Tá freagracht saoránaigh ar úinéirí madaí a chinntiú nach bhfuil a gcuid peataí ag cruthú fadhbanna do shiúlóirí eile.’

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tacú leis an fheachtas fosta, trí chuairteanna rialta ón mhaor madaí agus ón mhaor bruscair ar an bhaile mhór lena chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an dlí agus le comhairle agus málaí a chur ar fáil do shiúlóirí madaí.

 

Tá málaí saor in aisce, a bhuí le Comhairle Contae Dhún na nGall, in Oifig Turasóireachta Bhun Dobhráin, Supervalu agus trí dháilitheoirí atá lonnaithe ar na príomhshiúlóidí.

 

Fáiltíonn Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin, Shane Smyth, roimh an togra. “Ba mhaith linn go mbainfeadh cuairteoirí sult as a n-am anseo i dtimpeallacht atá glan’ ar seisean. Mholfaimis do shiúlóirí madaí roinnt málaí saor in aisce a thógáil uainne san oifig turasóireachta, Supervalu nó ó aon cheann de na dáilitheoirí atá lonnaithe ar na siúlóidí thart fá Roguey nó An Taobh Thiar sula rachaidh siad amach ag siúl, agus cuidiú lena chinntiú go mbeidh cuairt shábháilte agus shláintiúil ag ár gcuid cuairteoirí.’

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO