Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile Cheoil Mhalartaigh

Féile Cheoil Mhalartaigh

 Distorted Perspectives 2017

 

28 – 29 Aibreán 2017, An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn

 

 

 

Beidh an ceathrú féile de cheol agus ealaín mhalartach ar siúl i nDún na nGall, ina mbeidh meascán d’ealaíona fuaime, síce agus avant-garde, nuair a thiocfadh Distorted Perspectives ar ais go Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar an 28 agus 29 Aibrean 2017.

 

 

 

Beidh ceolta trialacha agus malartacha den chaighdeán is airde ann i mbliana ón Éirinn féin agus ón Ríocht Aontaithe, chomh maith le ceann de na grúpaí ceoil beo is fearr atá ar camchuairt ar fud na hEorpa faoi láthair, mar atá K-X-P, an racghrúpa leictreonach as an Fhionlainn.  Cuirimid fáilte chomh maith roimh Will Carruthers (Spacemen 3 / Spiritualized) mar ealaíontóir cónaithe na féile i mbliana, agus beidh sé ag léiriú agus ag taispeáint a chuid saothar i rith an deireadh seachtaine.

 

 

 

Tá Distorted Perspectives i ndiaidh go leor ceoltóirí agus ealaíontóirí idirnáisiúnta agus áitiúla a mhealladh ó cuireadh tús leis in 2014, amhail Damo Suzuki (An tSeapáin), Moon Duo (SAM), Hookworms (RA), ZZZ’s (An tSeapáin), BC Camplight (SAM), Ulrich Schnauss (An Ghearmáin), Cian Nugent (Éire), Jeffrey Lewis (SAM), Wild Rocket (Éire.), agus go leor eile.

 

 

 

Fá choinne áirithintí a dhéanamh téigh chuig  distortedperspectives.com

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO