Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fiontraithe as Dún na nGall sa Bhabhta Ceannais Ré

Fiontraithe as Dún na nGall sa Bhabhta Ceannais Réigiúnach

 

Winner of Young Business Entrepreneurs 90 x 90

 

Pete Friel, Chartered Education, Ráth Maoláin, Ellevyn Irwin, Click Clinic, Bun Cranncha agus Christy Lynch ó Efficient Renewables Ltd. Magh a bheas ag déanamh ionadaíochta ar son Dhún na nGall ag babhtaí ceannais réigiúnacha an chomórtais An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn, a bheas ar siúl in Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall Dé Luain 10 Samhain ar 7pm.

 

 

Tá triúr fiontraithe óga as Dún na nGall ag déanamh ionadaíochta ar an chontae ag babhtaí ceannais réigiúnacha an chomórtais úir 'An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn', a bhfuil duaischiste de €2 mhilliún á thairiscint aige.  Beidh na babhtaí ceannais réigiúnacha ar siúl Dé Luain seo chugainn in Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall.

 

Beidh na fiontraithe uilig atá faoi 30 bliain d'aois, chomh maith le húinéirí gnó áitiúla agus tosaitheoirí úra ag dul in iomaíocht le buaiteoirí eile as Sligeach, Liatroim agus Longfort Dé Luain 10 Samhain le seans a bheith acu áit a bhaint sa bhabhta ceannais náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag, i gcomórtas atá á chomhordú ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

 

Sheol an Rialtas an comórtas An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn ní ba luaithe i mbliana agus tá sé ina chuid lárnach den Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2014, agus tá an comórtas ag fáil tacaíochta ón Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta tríd an 31 Oifig Fiontair Áitiúil ar fud na tíre.

 

Is iad buaiteoirí Dhún na nGall, atá roghnaithe ar son an chontae sna babhtaí ceannais réigiúnacha, ná:

Pete Friel, Chartered Education, Ráth Maoláin a bhuaigh na catagóirí Tosaitheoir Úr is Fearr i nDún na nGall agus An Fiontraí Óg is Fearr i nDún na nGallEllevyn Irwin, Click Clinic, Bun Cranncha a bhuaigh an chatagóir An Smaoineamh Nua is Fearr i nDún na nGallChristy Lynch ó Efficient Renewables Ltd. Magh a bhain an chatagóir An Ghnólacht Bhunaithe is Fearr i nDún na nGall le Breiseán Úr.

 

Is é a dúirt an tAire Post, Fiontair agus Nuálaíochta, Richard Bruton T.D.: "Ag croílár na bpleananna atá againn le haghaidh post agus fáis, ba mhaith linn tacú le níos mó gnólachtaí agus iad ag toiseacht amach. Tá sé mar chuid den phlean seo fosta cultúr níos láidre fiontraíochta a chothú, agus gnólachtaí úra a chothú i measc na n-óg mar rogha gairme. Is é sin an bunús atá leis an chomórtas úr seo leis an fhiontraí óg is fearr sa réigiún a aimsiú, agus sa deireadh an Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn."

 

Seo mar a labhair Michael Tunney, Ceannasaí Fiontraíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall: "Tá na buaiteoirí s'againne ag seasamh an fhóid ar son an chontae, ag dul i gcomórtas le fiontraithe óga eile sa réigiún le háit a bhaint amach sa bhabhta ceannais. Ach tá níos mó buntáistí ag baint le bheith páirteach sa chomórtas ná sin. Ar fud na hÉireann, bhain breis agus 400 fiontraí sna babhtaí ceannais an-tairbhe as na grodchampaí gnó agus as na cláracha meantóireachta ar fad a reáchtáladh ag an leibhéal áitiúil, mar sin de, tchífear tionchar an clár FÓFÉ go ceann blianta fada amach romhainn."

 

Beidh an babhta ceannais réigiúnach ar siúl Dé Luain 10 Samhain in Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall ar 7pm agus tá cuireadh roimh na Méaraí agus na Cathaoirligh ó na húdaráis áitiúla ar fad atá páirteach ann a bheith i láthair, chomh maith le hionadaithe ón lucht gnó.

 

Leis an nuacht is déanaí agus na torthaí a fháil don chomórtas An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn, tabhair cuairt ar www.ibye.ie, www.localenterprise.ie nó déan #ibye a chuardach ar na meáin shóisialta.

 

CRÍOCH

 

 

Nóta Grianghrafadóireachta: Beidh Grianghrafadóireacht Joe Keogh i láthair ag an bhabhta ceannais réigiúnach agus beidh íomhánna ardtaifeacha ar fáil, saor in aisce le hatáirgiú, ón Oifig Fiontair Áitiúil i do cheantarsa.

 

Nótaí don Eagarthóir:

 

CAD É AN RUD É AN COMÓRTAS FÓFÉ?

Tá An Fiontraí Óg is Fearr in Éirinn á reáchtáil ag na hOifigí Fiontair Áitiúil, agus tá na buaiteoirí ag leibhéal an chontae i dteideal infheistíocht suas go dtí €20,000 ina ngnólachtaí, agus is féidir leis na buaiteoirí ag an leibhéal náisiúnta infheistíocht bhreise suas le €50,000 a fháil. Socrófar infheistíochtaí sna gnólachtaí buacacha de réir ionchais ghnó agus riachtanais infheistíochta.

 

Beidh meantóireacht, margaíocht agus tacaíochtaí eile ar fáil chomh maith do ghnólachtaí a ghlacann páirt i staideanna éagsúla den chomórtas.

 

Tá an comórtas oscailte do dhaoine aonaracha atá 30 bliain d'aois agus níos óige, agus déanfar an mholtóireacht de réir trí rannóg ar leith:

an smaointiú úr is fearr

an ghnólacht úr is fearr

an ghnólacht bhunaithe is fearr le togra breise

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO