Ag an seoladh físeáin de chuid na Seirbhísí Leabharlainne i Leitir Ceanainn
tá an Leas-Chathaoirleach, an Clr Jimmy Kavanagh,
an Clr Michael Naughton, Eileen Burgess, Leabharlannaí an Chontae agus baill foirne leabharlainn
Seoladh físeán spreagúil leabharlainne aréir ag ócáidí sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn agus i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, ag an aon am amháin.
Agus é ag caint ag an seoladh i Leitir Ceanainn dúirt an Clr Jimmy Kavanagh go bhfuil an-tábhacht leis na seirbhísí leabharlainne i dtaca le heispéiris chultúrtha d'ardchaighdeán a sholáthar do mhuintir Dhún na nGall agus do chuairteoirí chuig an chontae. Agus i nGaoth Dobhair dúirt an Clr. Mac Giolla Easbuig go raibh muid an-bhródúil as an tSeirbhís Leabharlainne agus as na baill foirne sna leabharlanna agus gur mhaith linn fios a bheith ag an saol mór cad é atá á sholáthar againn.
D'iarr an dá Chomhairleoir ar achan duine an físeán a roinnt ar na meáin shóisialta leis an tseirbhís dhearfach seo a scaipeadh go forleathan.
Dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Sinsearach go bhfuil sé tábhachtach a chur in iúl go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le seirbhís leabharlainne ná seomra lán leabharthaí, go bhfuil i bhfad níos mó ar fáil ná sin. Cuirtear ríomhleabhair agus ríomh-irisí ar fáil, wifi agus rochtain idirlín, cúrsaí ar líne, stair mhuintire agus stair áitiúil, eolas Eorpach, clubanna leabhar, féilte leabhar agus ealaíne, scéalaíocht agus gníomhaíochtaí do pháistí etc.
Tá an físeán úr ar fáil ar shuíomh idirlín na leabharlainne ag www.donegallibrary.ie, agus tá sé de sprioc ag an fhíseán an méid atá ar fáil sna leabharlanna a chur ar a súile dóibh siúd b'fhéidir nach bhfuil eolach ar cad é go díreach atá ar fáil.
Tá 13 leabharlann sa chontae agus tá seirbhís taistil leabharlainne trasteorann ann chomh maith le seirbhísí ó shuíomh idirlín na leabharlainne.
Buail isteach chuig do leabharlann áitiúil, áit a mbeidh fearadh na fáilte romhat.
Denis McGeady, Cúntóir Leabharlainn, Gaoth Dobhair
agus an Clr. Michael Cholm Mac Giolla Easbuig.