Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fógra Sliabh Liag

Togra Forbartha Straitéiseach Shliabh Liag le hoscailt go hoifigiúil

 

Sliabh Liag 379x269

 

 

Togra Forbartha Straitéiseach €4.95m Shliabh Liag le hoscailt go hoifigiúil

 

 

Déanfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh TD, i gcomhar leis an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Togra úr Forbartha Straitéiseach ag Sliabh Liag, ar fiú €4.95m é, a oscailt go hoifigiúil níos moille inniu.

 

 

Tá Sliabh Liag ar cheann de na pointí is suntasaí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall, agus tá aillte cósta dochreidte ann atá 2,000 troigh in airde, agus mealltar breis agus 160,000 cuairteoir chuig an áit gach bliain.    

 

 

Rinneadh infheistíocht chaipitil de €4.95 milliún i dTogra Forbartha Straitéiseach Shliabh Liag, lenar tógadh An Mol Iompair agus an tIonad Cuairteoirí.  Mar chuid de na hoibreacha caipitil rinneadh feabhsúcháin bóthair ón Charraig, Stáisiún Maor le carrchlós agus áiseanna leithris atá ar oscailt ó mhí Lúnasa 2017, agus go tábhachtach, na hoibreacha ar chosán sléibhe ar cuireadh i gcrích i mí na Bealtaine 2018 le 2.5km de chosán úr déanta.

 

 

Tá eolas curtha ar fáil faoin cheantar áitiúil mar chuid den togra chomh maith.  Taobh istigh d’Ionad na gCuairteoirí, ina bhfuil Caifé agus áit suí, tá painéil eolais dar teideal ‘Ar an Imeall’ chun áilleacht agus scéal Shliabh Liag a chur in iúl, agus tá áiseanna súgartha idirghníomhacha ann do chuairteoirí níos óige.     Taobh amuigh den ionad tá scéal agus eolas faoin áit ar fáil i bhfoirm scéal-chlocha dea-dhéanta, a bhfuil léaráid ealaíonta ar gach ceann acu a chuireann leis na príomhthéamaí ar fud an tsléibhe agus a chuireann leis an eolas atá faighte cheana féin in Ionad na gCuairteoirí.   Tá Clocha Fáilte ag na geataí isteach, roimh na scéal-chlocha, agus úsáidtear iad le heolas riachtanach a sholáthar faoin tsiúlóid chomh maith le comhairle shábháilteachta.

 

 

Agus é ag caint roimh an oscailt oifigiúil dúirt an tAire Joe McHugh TD: “Níl sárú Shliabh Liag le fáil, agus é suite go díreach ar imeall Ghaeltacht Dhún na nGall.  Tá deis iontach againn anois an áit seo a chur chun tosaigh mar cheann scríbe tábhachtach turasóireachta don chontae.

 

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le lucht tacaíochta an togra seo agus leo siúd uilig i gComhairle Contae Dhún na nGall, Fáilte Éireann agus Foras Chláir Speisialta an Aontais Eorpaigh a chonaic na féidearthachtaí móra atá ag baint leis an suíomh iontach seo.

 

 

“Tá Sliabh Liag ag mealladh níos mó cuairteoirí i rith an ama agus cuideoidh an infheistíocht seo le bainistiú an tsuímh agus leis an sliabh a chosaint tríd an chosán nua a thacóidh leis an mhéadú ar líon na siúlóirí.

 

 

“Níl aon amhras ach go gcuideoidh na háiseanna seo

 

 

Tá suíomh idirlín agus cuntais meáin shóisialta cruthaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Turasóireacht Dhún na nGall, le haghaidh Shliabh Liag, agus creideann Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Séamus Ó Domhnaill, go gcruthóidh na fobairtí seo uilig tuilleadh postanna go háitiúil agus go spreagfaidh siad tuilleadh infheistíochta. Dúirt sé: “Is infheistíocht shuntasach i gceann de na cinn scríbe is clúití i nDún na nGall é Togra Forbartha Straitéiseach Shliabh Liag. Tá sé seo uilig  ag cur leis an táirge thurasóireachta agus ag déanamh an-phoiblíocht ar an bhranda atá ar fáil anseo i nDún na nGall. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an phobal áitiúil as a dtacaíocht i bhforbairt an togra turasóireachta seo i gceann de na ceantracha is áille sa tír”.  

 

Agus í ag caint faoin infheistíocht de €2.3 milliún de chuid Fáilte Éireann in Ionad na gCuairteoirí, dúirt Fiona Monaghan, Ceannasaí Gníomhaíochtaí le Fáilte Éireann: tá Sliabh Liag ar cheann de na pointí is suntasaí do thurasóirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, tá sé fíorthábhachtach don turasóireacht i nDún na nGall, agus is acmhainn nádúrtha é a chuidíonn le Fáilte Éireann an tír seo a chur chun tosaigh mar cheann scríbe turasóireachta i dtaca le himeachtaí lasmuigh. Tá muid tiomanta chun cur leis an ráth agus bláth atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus cinntíonn an infheistíocht i dtograí mar seo gur féidir linn eispéireas speisialta a sholáthar do chuairteoirí agus iad a spreagadh chun teacht chuig áiteanna ar an chósta thiar nach mbíonn an oiread céanna daoine ag teacht chucu. Cruthaíonn sé seo postanna agus meallann sé airgead isteach sna ceantracha áitiúla sin.” 

 

Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl Dé Luain 13 Bealtaine ar 3pm in Ionad Cuairteoirí Shliabh Liag.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO