Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradam Tip Uí Néill Loretta Brennan Glucksman

Gradam Tip Uí Néill bronnta ar Loretta Brennan Glucksman

Is í an daonchara as na Stáit Aontaithe Loretta Brennan Glucksman atá ainmnithe mar bhuaiteoir Ghradam Tip Uí Néill don bhliain 2015. Fógraíodh an scéala inniu, Dé Céadaoin, ag ócáid speisialta in Óstán Thairseach Inis Eoghain.

Bronnfar an gradam go hoifigiúil in Óstán Thairseach Inis Eoghain i mBun Cranncha, Dé hAoine 25 Meán Fómhair.  Tá buaiteoir na bliana seo ag obair le breis agus scór bliain in obair dhaonchairdiúil, ag díriú ar chúrsaí oideachais, na healaíona, cúram sláinte agus cúrsaí síochána sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn araon, cúis a bhfuil suim mhór aici ann i gcomhpháirt lena fear céile Lew Glucksman nach maireann. 

B’as an Chaisleán Nua na hiascaireachta in Inis Eoghain a seanathair, David Brennan, agus b’as Contae Liatroma a seanmháthair. 

Tá Bn. Uas. Glucksman ina Chathaoirleach Emeritus ar Chiste Mheiriceá Éireann, mar a raibh sí ina Cathaoirleach le 18 mbliana roimh di éirí as i mí na Nollag 2013. Le linn an ama sin, d’éirigh leis an CMÉ breis agus $100 milliún a thiomsú faoin Fheachtas um Gheallúint d’Éirinn, a bhí mar sprioc acu, agus leag siad síos sprioc úr de $200 ina dhiaidh sin.

Tá sí ina Comh-Chathaoirleach ar Teach Éireann Glucksman a bunaíodh in 1993, ionad Staidéir Éireannacha in Ollscoil Nua Eabhraic (ONE), agus feidhmíonn sí ar Bhord na nEalaíon agus na nEolaíochtaí ag ONE. Tá sí ina Cathaoirleach chomh maith ar Fhondúireacht Ollscoil Luimnigh. Tá sárobair déanta aici chun tacú leo siúd atá ag iarraidh leigheas a fháil ar an titimas. 

Bhunaigh an tUas. agus Bn Uas. Glucksman go leor tograí ollscoile a bhaineann le cúrsaí Mheiriceá, na hAlban, agus na hÉireann. In 2002, d’oscail Ollscoil Chorcaí Dánlann Lewis Glucksman; in 2001, bhunaigh an lánúin Leabharlann Chaomhnaithe Léarscáileanna i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus in 1998 chuidigh siad le Leabharlann Glucksman a thógáil in Ollscoil Luimnigh.

In Éirinn, shuigh Bn. Uas. Glucksman ar roinnt bord, ar a n-áirítear An tÚdarás Forbartha Tionscail, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, An Leabharlann Náisiúnta, An Ceoláras Náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, Coláiste na Tríonóide, Coláiste Ollscoile Chorcaí, Coláiste Ríoga na Máinlianna, Scoil Ghnó Smurfit in Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus Údaras Aerfort Chorcaí.

Bhronn Banríon Shasana CBE uirthi in 2002 as ucht a cuid oibre ar son na síochána, agus bronnadh céimeanna onóracha uirthi ó ollscoileanna éagsúla, Scranton, Fairfield agus C na Tríonóide agus Corcaigh, agus tá sí ina duine le honóir ag Acadamh Ríoga Éireann, Cumann Ríoga Átha Cliath agus Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann. 

D’óstáil sí cláracha ráidió i gCathair Nua Eabhraic, thug sí cainteanna do ghrúpaí sna Stáit Aontaithe agus thar lear. Ní ba luaithe ina saol gairme d’oibrigh sí mar léiritheoir teilifíse agus d’oibrigh sí ar chúrsaí nuachta agus ar chúrsaí poiblí le PBS. Bhí sí ina léachtóir i litríocht an Bhéarla fosta ag roinnt ollscoileanna. 

Ghabh An Clr. Nicholas Crossan, Cathaoirlech ar Choiste Diaspóra Tip Uí Néill, agus An Clr. Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, comhghairdeas le Bn. Uas. Loretta Breenan Glucksman as an ghradam tabhachtach  seo a bhaint. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO