Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Iarratais á lorg d'Éire Ildánach

Iarratais ar Mhaoiniú ar fáil ó Éire Ildánach Dhún na nGall 2018

Tá cuireadh roimh an phobal iarratais a dhéanamh ar dheontais faoi chlár Éire Ildánach Dhún na nGall 2018, in dhá réimse, mar atá Bliain na Gaeilge 2018 agus Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018.

 

Tá fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, ó chleachtóirí cruthaitheacha nó cúltúrtha, nó ó ghrúpaí agus eagraíochtaí, iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi chlár na bliana seo d’Éire Ildánach Dhún na nGall. 

 

Ba chóir do na hiarratais a thagann faoin Scéim Deontais do Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha a chur in iúl cad é mar a bheas an togra ‘ag déanamh ceangail’ le gné éigin den oidhreacht chultúrtha, thógtha, nó nádúrtha, agus ba chóir d’iarratais faoin Scéim Deontais do Bhliain na Gaeilge a chur in iúl cad é mar a dhéanfaidh an togra an Ghaeilge a cheiliúradh nó daoine a spreagadh i dtaca leis an Ghaeilge de.  

 

Tá suas le deich ndeontas de €1,500 ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí nó oibreacha a ‘dhéanann ceangal’ lenár n-oidhreacht chultúrtha, thógtha nó nádúrtha i gContae Dhún na nGall agus/nó chun tacú le gníomhaíochtaí nó oibreacha atá bainte le Bliain na Gaeilge i gContae Dhún na nGall. 

 

Tá an maoiniú á chur ar fáil fríd an chlár ‘Éire Ildánach’ a bhfuil tacaíocht á fháil aige ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Seo mar a mhínigh Eileen Burgess, Bainisteoir Cultúir le Comhairle Contae Dhún na nGall; “chuirfimis fáilte roimh iarratais a léiríonn comhpháirtíochtaí láidre, go háirithe a thugann cúlraí éagsúla agus scileanna éagsúla le chéile agus a léiríonn cur chuige samhlaíoch agus nuálach”.

 

Na hiarratais a gheofar, déanfar iad a mheasúnú de réir critéir réamhshocraithe agus caithfear gach iarratas a dhéanamh chuig Éire Ildánach (Dún na nGall), Comhairle Contae Dhún na nGall, Lána Chnoc an Róis, Leitir Ceanainn, 92 KP90 nó chuig [email protected] faoi 

 

12 meánlae Dé hAoine 27 Iúil 2018. 

 

Caithfidh na tograí a bheith curtha i gcrích agus an maoiniú tarraingthe anuas faoin Déardaoin 1 Samhain 2018.

 

Tá foirmeacha iarratais dhátheangacha ar fáil thíos. 

 

Foirm Iarratais le haghaidh Bhliain na Gaeilge 2018

Foirm Iarratais le haghaidh Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018  

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO