Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Imní agus Óige

Caint ar ábhair imní agus ar bhuarthaí na hóige

Dr Mary O Kane

An Dr. Mary O'Kane

 

Tabharfaidh an saineolaí luathoideachais, an Dr. Máire Uí Chatháin, cuairt ar leabharlanna áitiúla i mBéal Átha Seanaidh, Bun Dobhráin agus Bealach Féich / Srath an Urláir go luath i mí Mhárta chun ábhair imní agus buarthaí na hóige a phlé. 

 

Tá na cainteanna seo á reáchtáil mar chuid den chlár Éire Shláintiúil ag do Leabharlann agus míníonn an Dr. Uí Chatháin go mbíonn “gach páiste imníoch ó am go chéile, ach is dúshlán amach is amach ag roinnt páistí a gcuid buarthaí a láimhseáil.  Mar thuismitheoirí, nuair a bhíonn do pháiste buartha, is deacair fios a bheith agat cén dóigh is fearr le cuidiú leo.  Mar sin féin, tá ról an-tábhachtach ag tuismitheoirí chun cuidiú lena bpáiste a n-ábhair imní a thuiscint agus a láimhseáil.   Níor mhaith leat a bheag a dhéanamh de mhothúcháin do pháiste, ach san am céanna, níor mhaith leat míol mór a dhéanamh as míoltóg.”

 

Sna cainteanna seo, míneoidh an Dr. Máire Uí Chatháin cad é an rud é an imní agus tabharfaidh sí comhairle phraiticiúil do thuismitheoirí ar an dóigh le cuidiú lena bpáistí an eagla a bhíonn orthu a láimhseáil agus muinín a bheith acu. 

 

Is léachtóir í an Dr. Máire Uí Chatháin sa tSíceolaíocht, sa Staidéar Luath-Óige agus san Oideachas.  I measc na suimeanna taighde atá aici, áirítear aistrithe san óige: féinmhuinín agus folláine, agus luach an tsúgartha.  Bíonn Mír Thuismitheoireachta aici gach mí ar Ireland AM áit a ndéanann sí plé ar réimse leathan ábhar a bhaineann le ceisteanna tuismitheoireachta agus luath-óige agus freagraíonn sí ceisteanna ón lucht éisteachta ar chúrsaí tuismitheoireachta.  Déanann sí míreanna go rialta ar Sheó Alison Curtis ar Today FM chomh maith. Tugann sí cainteanna poiblí ar réimse topaicí a bhaineann le folláine páistí, tuismitheoireacht, agus oideachas.  Bíonn sí ar RTÉ chomh maith.

 

Tá na himeachtaí seo á n-óstáil ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall agus bhí an méid seo le rá ag Caoimhín Mac Camhaoil, Comhordaitheoir Dhún na nGall ar an chlár Éire Shláintiúil ag do Leabharlann “is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil baint ag an Dr. Uí Chatháin le Clár Éire Shláintiúil.  Tabharfaidh sé seo deis dúinn fosta an réimse leathan acmhainní sláinte agus folláine atá ar fáil sna leabharlanna ar fud an chontae a chur chun cinn.  Táimid ag súil go mór le fearadh na fáilte a chur roimh an Dr. Uí Chatháin chuig na 3 imeacht seo.”

 

Tá na cainteanna saor in aisce agus beidh siad i Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh Dé Céadaoin an 6ú Márta ar 11.30am, i Leabharlann Bhun Dobhráin Dé Céadaoin an 6ú Márta ar 6.30pm agus ag Leabharlann an Dá Thúr Déardaoin an 7ú Marta ar 11:00am.

 

Cuirfidh an Dr. Uí Chatháin uirlisí praiticiúla ar fáil chun cuidiú le páistí fás aníos go muiníneach láidir agus teacht aniar iontu.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO