Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Lá Armistice

Ócáid chomórtha an Armstad ag Iarsmalann Contae Dhún na nGall

Ócáid chomórtha an Armstad ag Iarsmalann Contae Dhún na nGall

 

Tugann Iarsmalann Contae Dhún na nGall cuireadh duit bheith i láthair ag Ócáid Lá an Armstad ar an 11ú Samhain le comóradh a dhéanamh ar shíniú an armstad idir an Chomhghuaillíocht agus an Ghearmáin ag Compiègne na Fraince, rud a chuir deireadh leis an chogaíocht ar an Fhronta Thiar. Cé gur leanadh den chogaíocht i gceantair áirithe, is é an t-armstad sin a chuir deireadh leis an Chéad Chogadh Domhanda, a mhair ceithre bliana. Thosaigh an t-armstad ar a haon déag ar maidin - 'an t-aonú uair déag den aonú lá déag den aonú mí déag" de 1918. Le linn na hócáide seo, léifidh Hillary Roulston dán dá cuid ón chnuasach léi atá ar tí teacht amach, léifear roinnt litreacha a chuir fir de chuid Dhún na nGall ó na trinsí agus taispeánfar an scannán ó 1916 'The Battle of the Somme'. Seo an deis dheireanach a bheidh agat an scannán a fheiceáil i nDún na nGall. Bhí Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair i gcomhar le Imperial War Museums (IWM) mar chuid de Pháirtiocht Céad Bliain an Chéad Chogadh Domhanda le 'The Battle of the Somme' a thaispeáint ag ionaid ar fud Dhún na nGall. Beidh fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil. Beidh cead isteach saor in aisce ach tá líon teoranta áiteanna ann agus is gá áit a chur in áirithe le hIarsmalann Dhún na nGall, an tSráid Ard, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Cuir ríomhphost chuig [email protected] nó cuir scairt ar 074 9124613. Is cuid í Iarsmalann Contae Dhún na nGall de Roinn Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO