Déanfar cuimhne Dé Domhnaigh seo ar gach duine a maraíodh ar na bóithre, ar fud an domhain, mar chuid de 'Lá Cuimhneacháin do Dhaoine a Maraíodh i dTimpistí Bóthair' agus beidh Aifreann cuimhneacháin ar siúl anseo i nDún na nGall in Ardeaglais Naomh Adhamhnáin ar 12.00 meánlae, agus beidh fáilte roimh achan duine. Tá 23,949 duine i ndiaidh bás a fháil ar bhóithre na hÉireann go dtí seo (17 Samhain 2016) ó tosaíodh ar thaifid a choinneáil in 1959. Cheana féin, tá 165 duine caillte i mbliana ag teaghlaigh, ag cairde agus ag pobail.