Tá Dréacht-Léarscáileanna Tuilte do cheantracha éagsúla i gContae Dhún na nGall curtha i dtoll a chéile ag RPS, atá i mbun Staidéar Iarthuaisceartach -Neachach Bann CFRAM thar cionn Oifig na nOibreacha Poiblí, le tacaícht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Le deis a thabhairt do gach duine ar suim leis nó léi an scéal seo amharc ar na léarscáileanna agus tuairimí a thabhairt, tá roinnt Laetha Comhairliúcháin Poiblí á reáchtáil mar atá leagtha amach sa tábla thíos:
Dréacht-Léarsáiliú Tuilte an AFA |
Dáta agus Am |
Ionad |
Ráth Mealtain Ráth Maoláin An Cheathrú Chaol Na Dúnaibh Dún Fionnachaidh |
Dé Máirt 3 Márta 2015 3.00pm go dtí 6.30pm |
Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach An Phríomhshráid Baile na nGallóglach Contae Dhú na nGall
|
An Clochán Liath Na Gleannta |
Dé Céadaoin 4 Márta 2015 3.00pm go dtí 6.30pm |
Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith Bóthar Ghaoth Dobhair An Clochán Liath Contae Dhún na nGall |
An Bun Beag - Doirí Beaga
|
Dé Céadaoin 4 Márta 2015 3.00pm go dtí 7.00pm |
Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, Áislann Ghaoth Dobhair, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga |
Baile Dhún na nGall Ard an Rátha Na Cealla Beaga Bun Dobhráin agus An Tullachán |
Dé Céadaoin 25 Márta 2015 3.00pm go dtí 7.00pm |
Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall Droim Lonachair Baile Dhún na nGall Contae Dhún na nGall |
Bealach Féich agus Srath an Urláir |
Dé Céadaoin 25 Márta 2015 3.00pm go dtí 7.00pm |
Ótán an Villa Rose An Phríomhshráid Bealach Féich Bealach Féich Co. Dhún na nGall |
Leitir Ceanainn An Baile Nua |
Déardaoin 26 Márta 2015 3.00pm go dtí 7.00pm |
Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn Bóthar Neil T Uí Bhléine Leitir Ceanainn Contae Dhún na nGall |
Leifear Caisleán na Finne Cúil na gCuirridín Conmhaigh |
Déardaoin 26 Márta 2015 3.00pm go dtí 7.00pm |
Seanteach na Cúirt An Chearnóg Leifear Contae Dhún na nGall |
Beidh baill foirne de chuid Togra Staidéir CFRAM an Iarthuaiscirt - Neachach Bann ar fáil chun bualadh leo agus na léarscáileanna a mhíniú do gach duine a thiocfaidh ar an lá agus le haon eolas áitiúil i dtaca le tuilte a bhailiú.
Beidh na Dréacht-Léarscáileanna Tuilte ar taispeáint ar an dáta atá luaite thíos agus beidh siad ar fáil fosta ar shuíomh idirlín an staidéir ag www.northwestcframstudy.ie ón dáta sin.
Duine ar bith ar suim leis nó léi an scéal seo is féidir leo tuairimí a thabhairt ar na Dréacht-Léarscáileanna Tuilte ag na cruinnithe poiblí agus/nó trí shuíomh idirlín an staidéir
CRÍOCH