Bhuaigh Foireann Ban an Tearmainn trí Ghradam Laochra Spóirt Dhún na nGall in 2014. Seo é Franci Friel a ainmníodh mar 'Bhainisteoir na Bliana' agus captaen na foirne Gearóidín Mhic Lochlainn ar bronnadh an Gradam Speisialta i gcuimhne ar Bhreandán Mac Daibhéid.
Táthar ag glacadh le hainmniúcháin anois don 40ú bliain de Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall.Bliain iontach eile a bhí ann do chúrsaí spóirt sa chontae agus tá an t-am ann le hainmneacha na ndaoine aonair sin, nó na bhfoirne sin, ar éirigh thar barr leo in 2015, a chur chun tosaigh don liosta ainmniúchán don searmanas speisialta bronnta gradam de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheas ar siúl in Óstán an Errigal, Leitir Ceanainn, Dé hAoine 29 Eanáir.
Táthar ag dréim go mbeidh suas le 150 iarrthóir i gcomórtas lena chéile le cinneadh na moltóirí a bhaint i mbreis agus 30 catagóir. Bunaithe ar an rath a bhí ar go leor den lucht spóirt i mbliana beidh dianphlé ann i dtaca leis an chomórtas a bheas ann do chuid mhór de na gradaim nuair a fhoilseofar an liosta ainmniúchán go luath i mí Eanáir. Agus beidh pobal an spóirt ag tabhairt buille faoi thuairim faoin na daoine aonair agus na foirne a d'fhéadfadh a bheith san áireamh le haghaidh Mhór-Ghradam Laoch Spóirt na Bliana do Dhún na nGall in 2015. Is é an duine a bhfuil an gradam aige faoi láthair ná an lúthchleasaí as Leitir Ceanainn, Mark English.
Tá páirt lárnach ag scoileanna sna gradaim le 40 bliain anuas. Is é Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Ciarán Ó Brógáin, a dhéanfaidh na gradaim a bhronnadh sna catagóirí do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna. Ós rud é gurb é an coiste a roghnóidh an buaiteoir le haghaidh 'Halla na Mór-Chlú' níl aon ainmniúchán á lorg sa rannóg seo.
Is leor cur síos gairid a thabhairt ar éachtaí spóirt an duine aonair nó na heagraíochta nuair atá ainmniúchán á dhéanamh. Tá gá le grianghraif agus físeáin DVD chomh maith.
Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh ar líne ó leathanach na n-ainmniúchán agus iad a chur ar ríomhphost chuig [email protected] nó trí fhoirm ainmniúcháin shimplí a líonadh isteach, a thig a íoslódáil agus a chur sa phost chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain. Iad siúd nach bhfuil an t-idirlíon á úsáid acu, thig leo a n-ainmniúcháin a sheoladh trí phost chuig Paul McDaid, Oifig an Phoist, Ráth Mealtain.
Tabhair faoi deara gur éachtaí a baineadh amach in 2015 amháin a bheas i dteideal a chur san áireamh nuair a bheas na buaiteoirí á roghnú sna catagóirí éagsúla. Is iad an t-aon eisceacht atá ann ón riail seo ná na catagóirí bunscoile agus meánscoile. Sa chás sin, is iad na héachtaí spóirt a baineadh amach sa bhliain acadúil 2014/2015 a ndéanfar moltóireacht orthu.
Fá choinne tuilleadh eolais ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall téigh chuig an suíomh idirlín donegalsportsstarawards.ie nó chuig Facebook ag Donegalsports Starawards.