Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Leabhar Onóra CCD

10/06/2019 – Eagrán úr seolta de Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall

Gaolta le saighdiúirí ar tugadh ómós dóibh sa Leabhar Onóra ag an seoladh Dé hAoine

 

Seoladh eagrún úr (an 5ú ceann) de Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall tráthnóna Dé hAoine (7 Meitheamh) i Músaem Contae Dhún na nGall, 102 bliain i ndiaidh Chath Messines. Bhí go leor gaolta de chuid na saighdiúirí atá luaite sa leabhar i láthair ag an ócáid.

 

Is é seo an cúigiú heagrán de Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall ina bhfuil ainmneacha gach duine as Dún na nGall a fuair bás le linn na Chéad Chogadh Domhanda.

 

Foilsíodh Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall den chéad uair in 2002, mar thoradh ar an obair chrua a rinne Pádaí Ó hAirt, nach maireann, agus Coiste Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall, a rinne maoirseacht ar an taighde agus ar an bhailiú eolais a bhí i gceist leis an leabhar.

 

D’fhreastail Rosaleen, bean chéile Phádaí Uí Airt, ar an seoladh tráthnóna Dé hAoine, i gcuideachta a iníonacha Mary, Róisín agus Eithne, agus labhair Mary go deisbhéalach faoi thuras a athar agus faoin obair millte4anach mór a bhí i gceist leis an iliomad litreacha agus boinn a bhailiú ó áiléir na ndaoine ar fud an chontae chun an chéad eagrán de Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall a chur le chéile.   

 

Bean Uasal Rosaleen Uí Airt agus a hiníonacha Róisín, Eithne agus Mary, i gcuideachta Choimeádaí an Mhúsaem Judith McCarthy ag an ócáid seolta.

 

 

Le roinnt blianta anuas, d’oibrigh Músaem Contae Dhún na nGall le coiste beag díograiseach le huasdátú agus nuashonrú a dhéanamh ar Leabhar Onóra Chotnae Dhún na nGall, ag tógáil ar an obair iontach a rinneadh chóir a bheith seacht mbliana déag ó shin. Ar an choiste bhí Una Mathewson, Eddie O’Kane, Mary Harte, Judith McCarthy agus Caroline Carr.

 

Agus í ag caint ag an ócáid, dúirt Judith McCarthy, Coimeádaí le Músaem Contae Dhún na nGall: “Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaidh muid cuimhne ar gach duine a fuair bás le linn na Chéad Chogadh Domhanda. Bhí go leor teaghlach i nDún na nGall a chaill baill teaghlaigh le linn an Chogaidh agus tá an t-eagrán seo den leabhar foilsithe in ómós dóibh siúd uilig ón chontae a fuair bás. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine ó Dhún na nGall agus ó áiteanna eile níos faide ar shiúl a chuir eolas chugainn chun cuidiú linn taifead chomh cuimsitheach agus is féidir a chur le chéile.

 

“Agus tuilleadh taifead á gcur ar fáil ar líne tá muid i ndiaidh teacht ar ainmneacha daoine eile as Dún na nGall a fuair bás le linn an Chogaidh agus tá na hainmneacha sin curtha san áireamh san eagrán seo den leabhar”.

 

Thug an Staraí Míleata Richard Doherty caint ag an seoladh ar na naisc a bhí ag Dún na nGall leis an Chéad Chogadh Domhanda agus thug sé cuntas pearsanta ar chuid de na daoine atá luaite sa leabhar.

 

Rinne Tracy McRory, Richard Laird agus Caitlyn McNulty taispeántas ag an searmanas agus rinne Barbara McClune agus John Rosborough ionadaíocht ar son Private Jim Maultsaid a bhfuil a léaráidí le fáil sa Leabhar Onóra.

 

Fuair an t-eagrán seo de Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall maoiniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ó Chlár Éire Ildánach.

 

Fá choinne tuilleadh eolais gabh i dteagmháil le Músaem Contae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, Guthán: 074 9124613 Rphost: [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO