Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Leabhrán faoi Chionn Mhálanna

Seoladh Leabhráin faoi Chionn Mhálanna

Malin head booklet launch 2

Seoladh Oifigiúil an Leabhráin fá dtaobh de stair agus oidhreacht Chionn Mhálanna

Sheol an Cathaoirleach, An Comhairleoir John Campbell an leabhrán Cionn Mhálanna: Áit Aoibhinn, Stair Spéisiúil Dé hAoine 19 Meán Fómhair ar 4pm in Ionad Pobail Chionn Mhálanna (Halla Naomh Muire) agus glacadh grianghraif ina dhiaidh ag Coróin Bhanba.

 

Ba cheiliúradh é ar fhoilsiú an leabhráin léirithe, le Cartlann Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, a insíonn scéal stair agus oidhreacht ar leith Chionn Mhálanna leis na céadta bliain anuas. Is í Bn. Uas. Irene Haggan as Ráth Mealtain a scríobh an leabhrán ar son Sheirbhís Cartlainne Chontae Dhún na nGall.

Malin head booklet launch

(An Cathaoirleach, An Comhairleoir John Campbell, le roinnt ionadaithe áitiúla i gCionn Mhálanna le linn sheoladh an leabhráin)

 

Ina measc siúd a bhí i láthair ag an seoladh bhí na Teachtaí Charlie McConalogue TD agus Pádraig Mac Lochlainn TD, An Clr. John Campbell, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Nicholas Crossan, Leas-Chathaoirleach agus na Comhairleoirí Martin McDermott, Bernard McGuinness, Martin Farren agus Albert Doherty.

 

D'fháiltigh Cartlannaí Chomhairle Contae Dhún na nGall Niamh Brennan roimh a raibh i láthair agus leag Mícheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Cultúir, Pobail agus Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, agus é ag tabhairt eolas cúlra faoin togra, leag sé béim ar thábhacht Chionn Mhálanna, ar chomh tábhachtach agus atá an áit dár gcultúr, stair, turasóireacht agus mar cheann scríbe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Labhair Nicholas Crossan, Leas-Chathaoirleach faoi oidhreacht agus faoi stair Chionn Mhálanna, agus labhair an Cathaoirleach, An Clr John Campbell, agus é ag seoladh an leabhráin, labhair sé faoi thábhacht Chionn Mhálanna ó thaobh na hoidhreachta de agus ó thaobh féidearthachtaí turasóireachta de, agus faoi thábhacht an leabhráin seo i gcur chun cinn Chionn Mhálanna agus Inis Eoghain mar cheann scríbe turasóireachta. Ansin, ghlac an grúpa roinnt grianghraf ag Coróin Bhanba, le linn tráthnóna a bhí tirim ach ceomhar.

 

Le cóip den leabhrán a fháil, chomh maith le tuilleadh eolais agus grianghraif den seoladh, ba chóir teagmháil a dhéanamh le:

Niamh Brennan, An tSeirbhís Cartlainne, Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear, Contae Dhún na nGall  

Rphost [email protected] ;

Suíomh idirlín: http://www.donegalcoco.ie/archives ; www.facebook.com/DonegalCountyArchives

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO