Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Liosta den Oidhreacht Ailtireachta

Liosta Náisiúnta d'Oidhreacht Ailtireachta i gContae Dhún na nGall

NIAH launch 379 x 269 

Príomh-Fheidhmeannach Séamus Mac Conghaola (ar dheis) le Mícheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Pobail, Cultúir agus Pleanáil Forbartha, Denis Kelly, Pleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach, agus Claire McCallan, Ailtire Caomhantais, ag scrúdú cóip den fhoilseachán úr inniu ag Teach an Chontae i Leifear.

 

Seolfaidh an tUas. Joseph McHugh TD, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Liosta Náisiúnta d'Oidhreacht Ailtireachta do Chontae Dhún na Gall (LNOA) tráthnóna inniu (Aoine) ag Caisleán Ghleann Bheatha chun ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht agus ar shaibhreas na hoidhreachta ailtireachta sa chontae.  

 

I measc na rudaí atá curtha ar an liosta ailtireachta tá tithe tuaithe, eaglaisí, foirgnimh phoiblí, tithe dúchasacha, foirgnimh feirme, droichid agus tithe ceann tuí.

 

Tabharfaidh an suirbhé cosaint don oidhreacht ailtireachta sa chontae, agus spreagfaidh sé suim san ábhar, oidhreacht atá mar chuid thábhachtach dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht, agus cuirfidh sé chomh maith le cosaint agus cothú ár n-acmhainní turasóireachta, a bhfuil fíorthábhacht leo.

 

Tá breis agus 3,000 stuchtúr aonair ar fud an chontae aitheanta agus taifeadta ar an liosta, agus tá áiteanna tábhachtacha léirithe san fhoilseachán de chuid na Roinne.

 

Tá an suirbhé iomlán ar fáil ar líne ag www.buildingsofireland.ie

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO