Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Martin Simpson san Ionad Cultúrtha Réigiúnach

Mark Simpson san Ionad Cultúrtha Réigiúnach Oíche Aoine

 Martin Simpson

 

I ndiaidh dó a bheith ainmnithe le haghaidh Cheoltóir na Bliana agus don Albam is Fearr le 'Vagrant Stanzas' ag Gradaim Ceoil Phobail Raidió 2 an BBC 2014, níl aon amhras, tar éis 35 bliana mar cheoltóir gairmiúil, ach go bhfuil Martin Simpson i mbarr a réime san am i láthair. Chuir léirmheas 4 Réalt ar an albam in The Guardian síos air 'mar dhuine de na hionstraimithe virtuoso i saol an cheoil i Sasana', agus 'níos fearr ná a bhí sé riamh'. Tá sé aitheanta go forleathan go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí is fearr ar an ghiotár fuaimiúil agus sleamhnaithe sa domhan, agus tá ardmháistreacht aige ar amhráin thraidisiúnta a léiriú ar a dhóigh iontach féin. Bíonn an fuinneamh, an éagsúlacht, an draíocht agus na mothúcháin le brath ar a chuid seónna aonair. De réir Stiúrthóir an Ionad Chultúrtha Réigiúnaigh Shaun Hannigan, beidh ceolchoirm Martin Simpson san Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn an Aoine seo, 17 Deireadh Fómhair, ar cheann de na ceolchoirmeacha is fearr de chuid an Ionaid i mbliana. Tosóidh an cheolchoirm ar 8pm, agus is féidir ticéid a chur in áirithe ag praghas réasúnta €12 agus €10 lacáiste (mic léinn, dífhostaithe 65+) ag Amharclann an Ghrianáin ar 074 91 20777 nó ar líne ag www.regionalculturalcentre.com

 

Níl sárú Simpson le fáil nuair a thig sé go dtí an meascán sin idir ghnéithe de cheol na Breataine, de cheol Afrai-Mheiriceánach agus de cheol seanstíle. Is go rathúil a chaith sé a chuid ama sna Stáit Aontaithe, mar ar chaith sé 15 bliana ina chónaí. Sa bhreis air seo, tá go leor amhrán den chéad scoth cumtha aige féin ón amhrán eipiciúil 'Love Never Dies' go dtí an t-amhrán iontach mothúchánach 'Never Any Good' agus 'One Day'.  Síos fríd na blianta bhí sé páirteach i gcomhthograí ceoil, ar ardán agus sa stúideó, le June Tabor, Kelly Joe Phelps, Jackson Browne, Danny Thompson, Danú, Martin Carthy, Cara Dillon, David Lindley, Roy Bailey, Martin Taylor, David Hidalgo, Steve Miller, Dick Gaughan agus go leor eile.

Ainmníodh Martin 31 uair le linn cúig bliana déag de Ghradam Ceoil Phobail Raidió 2 an BBC - níos mó ná aon cheoltóir eile - agus 12 ainmniúchán le haghaidh Cheoltóir na Bliana, atá bainte amach faoi dhó aige. In 2008, fuair sé 5 ainmniúchán dochreidte le haghaidh 'Prodigal Son' agus 2 bhua, agus in 2010 fuair sé 6 ainmniúchán, nár tharla riamh roimhe sin, fá choinne an CD s'aige 'True Stories', agus bua aige don Traic Traidisiúnta is Fearr 'Sir Patrick Spens'.

Is cuma más ag seinm ceol seanstíle, gormacha, nó amhrán Dylan nó a chuid ceoil féin a bhíonn sé, bíonn rud éigin spéisiúil agus úr faoi, agus tá sé iontach fíneálta agus casta mar ghiotáraí.

 

In 2013, rinne sé a 60ú breithlá a cheiliúradh trí bheith ag seinm ag roinnt mórfhéilte agus sheol sé an t-albam is déanaí uaidh 'Vagrant Stanzas', a d'eisigh Topic Records. Dar le Acoustic Magazine 'Tá caighdeán den chéad scoth le fáil sa saothar seo... ní cheol Simpson níos fearr ná seo riamh, agus níor sheinn sé níos fearr ná seo'. Tá Martin i ndiaidh dul ar camchuairt le linn 2014, an turas gairid seo go hÉirinn ina measc, rud a thugann ar ais chuig an Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn é don dara huair i ndiaidh dó ceolchoirm den chéad scoth a dhéanamh anseo in 2011.

 

CRÍOCH

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO