Táthar i ndiaidh feasacht i dtaca le meabhairshláinte a vótáil isteach mar ardtosaíocht ar chlár oibre Chomhairle Óige Dhún na nGall don dá bhliain amach romhainn. D'fhreastail os cionn 150 duine óg, idir 12-18 mbliana d'aois agus ó achan chearn den chontae, ar an Lá Bliantúil 'Clár Oibre' na Comhairle Óige in Óstán an Clanree i Leitir Ceanainn an tseachtain seo, mar a raibh deis acu ceisteanna a chur chun tosaigh lena bplé, páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí éascaithe ar gach ábhar agus vótáil ar na 5 ardtosaíocht don Chomhairle Óige le bheith ag obair orthu le linn a dtéarma oifige.
Cuireadh 15 mholadh chun tosaigh le go ndéanfaí vótáil ina leith ar an lá, agus is iad seo a leanas an 5 cinn atá aitheanta ag an Chomhairle Óige le tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu:
MEABHAIRSHLÁINTE - an smál a bhaineann le tinneas intinne a laghdú, fios a bheith ag duine faoin 5 sa lá & Dearfachtaí, ag cuidiú le daoine an diúltachas a aithint (cabhair)
SPÓRT - deiseanna breise le triail a bhaint as spóirt éagsúla
BULAÍOCHT - Ródseó 'Feic agus Stad', chun oiliúint a chur ar dhaoine óga agus ar dhaoine fásta le bheith ar an airdeall faoin bhulaíocht agus le gníomhú ina coinne.
ÍOMHÁ COIRP - DIOSCÓ 'Cuir tú féin in iúl' a reáchtáil in achan scoil (Buachaillí agus Cailíní ag caitheamh cá bith éadaí is mian leo, Cailíní = gan aon smideadh nó gan aon chóiriú gruaige)
SPÓRT - feasacht a ardú i dtaca leis an easpa maoinithe agus easpa deiseanna atá i scoileanna i nDún na nGall
Tharla an ócáid seo fosta ag deireadh an téarma le haghaidh Chomhairle Óige Dhún na nGall 2012 - 2014, agus thug siad tuairisc don lucht freastail ar an dul chun cinn a rinne siad maidir le hábhair a aithníodh ag an Chruinniú Cinn Bhliana deireanach, agus cuireadh an coiste úrthofa de Chomhairle Óige Dhún na nGall i láthair a gcuid comhaoisigh don chéad uair ar an lá chomh maith. Labhair Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John Campbell, le gach duine a bhí i láthair chomh maith.
Faigheann Comhairle Óige Dhún na nGall maoiniú ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Cothú Sláinte an FSS agus An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus is é is aidhm leis deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga topaicí agus tograí atá aitheanta ag an aos óg i gcoitinne sa chontae, a aithint, a chur in ord tosaíochta agus obair a dhéanamh orthu, agus deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga guth a bheith acu trí bheith páirteach i bhforbairt na seirbhísí áitiúla agus na mbeartas sin a imríonn tionchar orthu.
Is í Seirbhís Óige Dhún na nGall a dhéanann Comhairle Óige Dhún na nGall a chomhordú ag an leibhéal áitiúil. Fá choinne tuilleadh eolais is féidir leat dul i dteagmháil le Comhordaitheoir Chomhairle Óige Dhún na nGall Marty Keeney ar 087-6806676 nó ar ríomhphost [email protected].
MOLTAÍ EILE A CUIREADH CHUN TOSAIGH SA PHRÓISEAS VÓTÁLA
Sábháilteacht ar Bhóithre - ceardlann idirghníomhach spraíúil i scoileanna le haghaidh lucht an 5ú Bliain ar an tSábháilteacht ar Bhóithre agus na hiarmhairtí
Sláinte Ghnéis - múinteoirí a bhfuil suim acu i sláinte ghnéis a theagasc, deis a bheith acu sin a dhéanamh nó daoine proifisiúnta eile a thabhairt isteach ó sheirbhísí eile.
Íomhá Coirp - Feachtas le hÍomhá Coirp Shláintiúil a chur chun cinn i measc déagóirí i nDún na nGall
Sláinte Fhisiciúil - go ndéanfadh CÓDG clár 'tolg go 5k' a phleanáil, a reáchtáil agus a éascú, agus feasacht a ardú i dtaca le haiste bia, agus na himpleachtaí a bhaineann le gan aclaíocht a dhéanamh agus droch-aiste bia.
Sláinte Fhisiciúil - Ag cuidiú le gach duine chun bheith páirteach in aclaíocht de chineál éigin trí imeachtaí a reáchtáil chun spóirt éagsúla a chur ar taispeáint, go háirithe spóirt neamhchoitianta ar nós rugbaí leaiste etc.
Drugaí agus Alcól - imeacht a reáchtáil le haghaidh Tuismitheoirí chun aird a dhíriú ar na contúirtí a bhaineann le hól faoi aois agus le mí-úsáid drugaí, eg cruinniú a reáchtáil sa scoil áitiúil.
Drugaí agus Alcól - aird an aosa óig i nDún na nGall a dhíriú ar na himpleachtaí a bhaineann le Drugaí/Alcól/Caitheamh Tobac
Bulaíocht - ócáid mhór a reáchtáil chun feasacht a ardú i dtaca le bulaíocht agus DVD a dhéanamh le craoladh ann, agus é a chur ar fáil le tabhairt ar ais chuig clubanna óige scoile srl.
Ciníochas/LADT (Neamhionannas) - Creidimid go bhfuil sé fíordheacair oiliúint a chur ar fáil do dhaoine óga faoi cheisteanna leithcheala ar nós Ciníochas agus LADT.
Chun Meabhairshláinte níos fearr, muinín níos fearr agus atmaisféar níos fearr a chruthú sna scoileanna. Ba mhaith linn é seo a dhéanamh trí oiliúint feasachta, ag toiseacht le múinteoirí, daltaí agus an pobal.
Fostaíocht - feasacht a ardú i measc comhlachtaí áitiúla faoin dífhostaíocht i measc na nÓg. Gnólachtaí a spreagadh le daoine óga a fhostú, taithí oibre a thairiscint agus scileanna CV.
Uaireanta Oscailte:Mótarcháin:
Is ar an Mháirt agus an Déardaoin amháin atá An Oifig Mótarchánach oscailte, ó 9.15am go dtí 12.15pm agus 1.15pm go dtí 3pm. Is féidir mótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie
Oifig Airgid:
Luan - Déar: 9am - 4.30pm & Aoine: 9am - 4pm
Druidte ag am lóin - 12.30 go 1pm
Leabharlanna Dhún na nGall
www.donegallibrary.ie
Donegal Libraries