Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Mór-Ghlantachán Trá

Mór-Ghlantachán Trá

 

Bí Páirteach i Mór-Ghlantachán Tránna na hÉireann lenár bhFarraigí a choinneáil Saor ó Bhruscar.

 

Bí páirteach leis na mílte duine ar fud an domhain le haghaidh an Ghlantacháin Bhliantúil Idirnáisiúnta thart ar Chóstaí. Beidh an Mór-Ghlantachán Tránna le haghaidh Cóstaí Glana ar siúl ar an 19, 20 agus 21 Meán Fómhair. Tá lúcháir orainn a bheith ag comhoibriú leis an Fhoras Caomhanta um Aigéin Idirnáisiúnta arís don Ghlantachán Cósta Idirnáisiúnta.

 

Anuraidh, in 92 thír, bhain 645,015 oibrí deonach 5,580 tonna bruscar mara d'fharraigí móra an domhain.    Le linn an deireadh seachtaine beidh oibrithe deonacha ag glacadh páirte i nglantacháin ar fud chósta na hÉireann, in éineacht leis na céadta míle oibrí deonach ó achan chearn den domhan a bheas ag caitheamh cúpla uair an chloig ag baint bruscair agus smionagair ar shiúl ó thránna agus ag déanamh taifid ar gach píosa bruscair a fhaigheann siad.  

 

Críochnaíonn thart fá 10 milliún tonna bruscair i bhfarraigí móra an domhain gach bliain. Is é atá i gceist le Bruscar Mara ná réimse ábhar atá caite ar leataobh d'aonghnó, nó caillte de thaisme ar an trá nó san fharraige, agus cuimsíonn sé ábhair a iompraítear amach chun farraige ó mórthír, aibhneacha, córais draenála agus séarachais, nó an ghaoth.  

 

Más mian leat bheith páirteacht sa ghluaiseacht ar son farraigí saor ó bhruscar agus sa ghlantachán cósta is mó ar domhan agus sa suirbhé ar bhruscar mara, bhuel ba chóir duit clárú anois! Nuair a bheas tú cláraithe cuirfidh Cóstaí Glana do ghlantachánsa lenár léarscáil agus cuirfidh muid Fearas Mór-Ghlantacháin Trá amach chugat ina mbeidh pacáiste eolais, málaí, lámhainní, piocadóirí bruscair, póstaeir agus cártaí suirbhé faoi bhruscar mara.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO