Paddy Mullen, John McLaughlin, Siobhan McCafferty agus an Cathaoirleach, an Clr. Toirealach Ó Sluaigh ag tacú le Múchadh na Máirte
Inniu Múchadh na Máirte i gComhairle Contae Dhún na nGall, mar a bhfuiltear ag iarraidh ar na baill foirne ar fad iarracht bhreise a dhéanamh a gcuid gléasanna ar fad a mhúchadh nuair a fhágfaidh siad an oifig inniu.
“B’fhéidir go bhfuil cuma na simplíochta ar an iarratas seo ach is féidir le gach iarracht tionchar suntasach a imirt ar an oiread fuinnimh atá á úsáid againn’ arsa Paddy Mullen, Innealtóir Feidhmiúcháin, atá i gceannas ar an Chóras úr creidiúnaithe um Bainistiú Fuinnimh de chuid na Comhairle, is é sin ISO 50001.
‘Rinne muid rud mar seo am na Nollag fosta agus bhí tionchar mór aige ar an oiread fuinnimh a shábháil muid. Gach ríomhaire a fhágtar ag dul, gach plocóid a fhágtar lasta, thig leo cuid mhór fuinnimh a úsáid agus nuair a dhéanann tú é seo a iolrú de réir líon na mball foirne atá againn, bíonn méadú suntasach i gceist’.
Is í an ball foirne Siobhán McCafferty a tháinig aníos leis an smaointiú ‘Múchadh na Máirte’ mar chuid de chomórtas don smaointiú is fearr sábháil fuinnimh i measc ball foirne a reáchtáladh in 2016. Tá Siobhán ag obair mar Ardteicneoir Feidhmiúcháin Ailtireachta in Oifig Ailtireachta na Comhairle agus creideann sí go gcuideoidh an togra ‘Múchádh na Máirte’ le baill foirne a bheith níos eolaí ar cad é mar is féidir linn costais fuinnimh a laghdú trí ghníomhaíochtaí simplí, chomh maith leis an lorg carbóin a laghdú.
Tá Múchadh na Máirte dírithe ar bhaill foirne atá lonnaithe in oifigí agus tá muid ag iarraidh orthu iarracht ar leith a dhéanamh a gcuid gléasanna ar fad a mhúchadh sula bhfágfaidh siad an oifig ar an Mháirt dheireanach d’achan mhí.
Táthar ag iarraidh ar na baill foirne tacú le Múchadh na Máirte trí iarracht speisialta na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:
Tá sé seo uilig mar chuid d’fheachtas na Comhairle feabhas a dhéanamh i dtaca le húsáid fuinnimh agus le laghdú 33% a bhaint amach i dtaca le húsáid fuinnimh roimh 2020.