Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Ná lig dó tarlú duitse

D'fhéadfaí gur duitse a tharlóidh sé

Road Safe Road Show

   

Is é seo an teachtaireacht láidir maidir le sábháilteacht ar bhóithre atá á tabhairt do dhaltaí scoile as Dún na nGall in Ionad Fóillíochta Aura, Leitir Ceanainn, Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair ar 11.00am agus 1.30pm, agus seó eile ina dhiaidh sin Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair ar 11.00am. Is é seo an seachtú bliain den seó, agus is í Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall a reáchtálann é.  Tchífidh beagnach 3,000 duine óg an dóigh a dtarlaíonn tubaiste do ghasúr 17 mbliana d'aois atá díreach i ndiaidh a scrúdú tiomána a fháil.

 

Is léir go bhfuil an-ráth ar an seó mar gur chuir gach Meánscoil i gContae Dhún na nGall, ó seoladh an seó den chéad uair, gur chuir siad a gcuid daltaí idirbhliana, ardteistiméireachta feidhmí agus ceathrú bliana chuig an seó. Lena chois sin, bíonn Ionaid Ógtheagmhála agus rannpháirtithe BOO i láthair chomh maith. Tá tionchar an tseó aitheanta i dTuaisceart Éireann chomh maith le Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann ag tabhairt scoileanna isteach ó Dhoire agus ón tSrath Bán. In ainneoin na scoileanna a bheith fíorghnoitheach agus laghdú déanta ar a gcuid buiséad, cuireann Príomh-oidí Scoile in iúl do Chomhairle Contae Dhún na nGall, go mion minic, go gcreideann siad go bhfuil an togra seo ar cheann de na tograí is tábhachtaí a reáchtáltar le heolas a thabhairt do dhaltaí óga faoin saol atá amach rompu.

 

Ní aisteoirí a léiríonn an scéal seo. Tá an scéal á inse ag Garda, oibrí paraimhíochaine, oifigeach dóiteáin, comhairleoir éigeandála, máthair íospartaigh a maraíodh go tragóideach ar na bóithre agus Richard Alcorn as Dún Fionnachaidh, a fágadh faoi mhíchumas i ndiaidh timpiste bóthair roinnt blianta ó shin. I rith na tráchtaireachta bíonn ceol, gearrthóga físe, fógraí teilifíse agus is é Charlie Collins fear an tí.

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John Campbell, "Creidimid go mbeidh tionchar mór ag an seó seo ar na daoine óga a bheas i láthair agus go spreagfaidh sé iad le bheith ag tiomáint go sábháilte le nach dtarlódh a leithéid dóibhsean.  Tá an seó ina pháirt de thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Dhún na nGall i dtaca le feabhsú na sábháilteachta bóthair sa chontae. Díríonn sé ar na grúpaí sin is mó atá i mbaol - daoine óga atá ag cur tús leis an tiomáint agus ar minic iad den bharúil go bhfuil siad slán sábháilte ar na bóithre. Ba mhaith linn go mbeadh tionchar dearfach ag an seó seo ar na tiománaithe óga seo agus iad ag toiseacht amach, le cuidiú Dé, ar shaol fada sábháilte tiomána."

 

Tá an Ródseó leagtha amach ar dhóigh a mheallfadh daoine óga. Bíonn an t-ionad leagtha amach ar nós club oíche agus Dioscmharcach ó stáisiún ráidió áitiúil ag casadh an cheoil is déanaí. I ndiaidh tamall beag, athraíonn an t-atmaisféar de réir mar a théann scéal an Ródseó ar aghaidh, agus tchíonn siad an t-uafás a d'fhéadfadh a bheith os a gcomhair amach i gcás timpiste.

 

Seo mar a labhair Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, Comhairle Contae Dhún na nGall: "Is cúis bhróin é go bhfuil aithne ag chóir a bheith achan duine sa chontae seo ar dhuine éigin a maraíodh nó a gortaíodh go dona i dtimpistí bóthair sa Chontae. Tugann an seó seo deis don aos óg foghlaim faoi na himpleachtaí a bhaineann le droch-iompar tiomána ar na bóithre. Tá súileas againn go mbeidh tionchar dearfach ag an seó orthu, agus cuidiú leo a bheith slán ar na bóithre san am atá le theacht".

 

 

Críoch

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO