Bhí ócáid speisialta ar siúl in Ionad Seirbhíse Poiblí an Chlocháin Léith inné nuair a tháinig baill teaghlaigh, cairde agus lucht leanúna Josie Murray, an curadh domhanda arb as An Chéideadh ó dhúchas dó in Ailt an Chorráin, le chéile in aitheantas ar gach rud atá bainte amach aige ina shaol.
Ba é an Cathaoirleach, an Clr. Toirealach Ó Sluaigh, agus baill tofa Cheantar Bardais na nGleanntach a reáchtáil an ócáid, in ómós go mórmhór don mhéid atá bainte amach ag Josie sna hEalaíona Troda i nDún na nGall, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
I measc na rudaí atá déanta agus/nó bainte amach ag Josie tá an méid seo a leanas:
Ionadaíocht ar son na hÉireann ag an leibhéal is airde sa Jiu-Jitsu (9 mbonn óir domhanda, 4 bhonn airgid, agus bonn cré-umha in Rio de Janeiro, An Bhrasaíl ó 2001-2016.
Ina úinéir ar Josie’s Country Tavern i Leitir Ceanainn, agus Comórtas Náisiúnta Jiveála Roc is Roll bainte aige faoi 8
Bunaitheoir de chuid Chumann Jiu-Jitsu Dhún na nGall agus Chumann Cosdornála Cobra Kai Dhún na nGall. Corn na hÉireann bainte ag Jose faoi 5.
Reáchtálann club dá chuid féin i Leitir Ceanainn agus i nDoire, teagascann páistí a bhfuil uathachas agus míchumais eile orthu, agus tógann airgead do chuid mhór carthanas
Tagann go leor foghlaimeoirí agus múinteoirí chuige ó achan chearn den domhan le traenáil faoin stiúir gach bliain.
Tugann sé cainteanna ar fud na hÉireann, na hEorpa agus Mheiriceá, agus tá stíl Jiu-Jitsu dá chuid féin aige dar ainm Empty Force Jiu-Jitsu.
Thraenáil sé féin le cuid mhór curadh sa Jiu-Jitsu agus sa Chosdornáil, agus tá dhá bhonn óir domhanda ag a bhean chéile Theresa sa Jiu-Jitsu chomh maith.
Bhí sé ar an chlúdach seacht nIris Ealaíona Troda.
Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall buaite aige trí huaire.
Sár-mhúinteoir Jiu-Jitsu laistigh de na Náisiúin Aontaithe le 16 bliana.
An chéad fhear as Dún na nGall a tugadh isteach i Halla na Laochra don Chrios Dubh sna Stáit Aontaithe
Thraenáil sé le leithéidí Stevan Segal agus Chuck Norris.
Uaireanta Oscailte:Mótarcháin:
Is ar an Mháirt agus an Déardaoin amháin atá An Oifig Mótarchánach oscailte, ó 9.15am go dtí 12.15pm agus 1.15pm go dtí 3pm. Is féidir mótarcháin a athnuachan ar líne ag www.motortax.ie
Oifig Airgid:
Luan - Déar: 9am - 4.30pm & Aoine: 9am - 4pm
Druidte ag am lóin - 12.30 go 1pm
Leabharlanna Dhún na nGall
www.donegallibrary.ie
Donegal Libraries