Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oibreacha Bóthar an Phiarsaigh

Trácht dhá threo ar ais ar Bhóthar an Phiarsaigh go luath

 

Ba mhaith le hUisce Éireann a chur in iúl go nglanfar ar shiúl na hoibreacha atá ar Bhóthar an Phiarsaigh, Leitir Ceanainn, chun cuidiú leis an trácht le linn na saoire bainc i dTuaisceart Éireann idir 11 – 15 de mhí Iúil.

 

Táthar ag dréim go mbeidh trácht dhá threo i bhfeidhm go buan arís ar Bhóthar an Phiarsaigh sa tseachtain i ndiaidh na saoire bainc sin, ach ní féidir dáta ar leith a dheimhniú go fóill.

 

Leanfaidh Uisce Éireann de bheith i dteagmháil le gach páirtí leasmhar, agus eiseofar fógraí eile amach anseo leis an dáta a dheimhniú maidir le hathbhunú córas tráchta dhá threo ar bhonn buan.  

 

Tá Uisce Éireann ag infheistiú beagnach €50 milliún in oibreacha fíorthábhachtach uisce agus séarachais, rud a mhaolóidh an baol tuilte sa bhaile agus a chinnteoidh go mbeidh soláthar níos fearr uisce ann don phobal agus do ghnólachtaí. Tá na hoibreacha seo mar chuid de thiomantas Uisce Éireann chun seirbhísí uisce agus seirbhísí fuíolluisce a shlánú do phobal Leitir Ceanainn. Tacóidh an infheistíocht seo le fás an daonra agus le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta sna blianta amach romhainn.

 

Cuirfidh na hoibreacha seo stop fosta le truailliú na Súilí de bharr eisiltigh ón chóras séarachais, agus cosnóidh siad caighdeán an uisce san abhainn.

 

Tuigeann Uisce Éireann go bhfuil na hoibreacha riachtanacha seo ag cur isteach ar ghnólachtaí agus ar chónaitheoirí, agus tá siad iontach buíoch as an chomhoibriú leanúnach atá á thabhairt le linn dóibh na seirbhísí tábhachtacha seo a fheabhsú.

 

Is fiú €44 milliún an infheistíocht seo i Scéim Soláthar Uisce Réigiúnach Leitir Ceanainn, agus €5.6 milliún i Scéim Séarachais Leitir Ceanainn.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO