Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oibreacha Chionn Mhálanna

Oibreacha ag toiseacht i gCionn Mhálanna

Malin head 379 x 269  

 

Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall ar an 10 Aibreán 2017, i ndiaidh comórtas tairisceana poiblí, leis an tairiscint ó Joseph Mc Menamin & Sons (Stranorlar Ltd.) leis na hoibreacha atá leagtha amach thíos a dhéanamh mar chuid de Thogra Feabhsúcháin Rochtana agus Conláiste Chionn Mhálanna.

 

  • Leathnú bóthair le leataobhanna scoite a chur isteach, chomh maith le feabhsúcháin ghaolmhar draenála agus dromchla.
  • Leathnú logánaithe bóthair in aice leis an charrchlós íochtair, le spásanna páirceála a chur isteach do bhusanna.
  • Ag cur le háiseanna carrchlóis atá ann cheana féin le níos mó spásanna páirceála a chur ar fáil fá choinne carranna.
  • Bloc leithris a thógáil
  • Seirbhísí agus áiseanna a chur ar fáil via an bóthar poiblí

 

Cé go bhfuil tús go díreach curtha leis an togra ar an talamh, táthar ag dréim go mbeidh an togra críochnaithe go luath i mí Iúil 2017 agus ar oscailt don phobal uaidh sin amach.

 

Is é Fáilte Éireann, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Fhorbairt Turasóireachta, atá ag maoiniú an togra.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur in iúl don phobal agus do chuairteoirí ar Phointe Sár-Radhairc Chionn Mhálanna go mbeidh bainistiú tráchta i bhfeidhm fad agus a bheas an obair thógála ar siúl, agus ó am go chéile, gur féidir go mbeidh bacanna ar an bhóthar isteach go Coróin Banba, go háirithe nuair a bheas obair dhromchla ar siúl. Is fiú a lua fosta ós rud é go bhfuil spás teoranta thart fá Choróin Banba, is féidir go rachaidh sé crua ar bhusanna agus ar fheithiclí móra eile tiontú thart le linn oibreacha tógála.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall ár leithscéal a ghabháil as aon mhíchaoithiúlacht a tharlófar dá bharr seo, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an phobal roimh ré, go háirithe an pobal áitiúil, as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú leanúnach.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO