Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oidhreacht Tip Uí Néill

‌16/06/2014 - Oidhreacht Tip Uí Néill beo leis

 

 

Labhraíonn Thomas P. Ó Néill fá dtaobh dá athair agus cad é a chiallaíonn Gradam Diaspóra Éireann dó féin.

 

Labhraíonn Thomas P. Ó Néill, fear fíor-umhal gnaíúil, fá dtaobh dá athair Tip Ó Néill, a raibh clú agus cáil air, agus ar cad é go díreach a chiallaíonn an Gradam Diaspóra Éireann, atá ainmnithe i ndiaidh a athar, dó féin agus dá theaghlach.

 

Tá fréamhacha mhuintir Uí Néill go domhan agus go láidir anseo i nDún na nGall agus ar fud na hÉireann, leis na glúnta de chairde agus de bhaill teaghlaigh, agus ní haon ionadh é go mbíonn Thomas go mór ar a shuaimhneas nuair a dhéanann sé seal a chuarta anseo.

 

"Tá mo chuid nascanna le Dún na nGall agus le hÉirinn bainte go mór le cúrsaí teaghlaigh. Tá cairde agam in Éirinn a bhfuil aithne agam orthu le blianta, agus bím féin agus mo theaghlach anonn is anall cúpla uair sa bhliain. Is breá liom seal a chaitheamh i nDún na nGall, gach uair a thagaim anseo mothaím gur ag pilleadh ar mo dhúchas atá mé."

 

Bhí baint ag Comhairle Contae Dhún na nGall le roinnt tograí le cúpla bliain anuas, ag déanamh teagmhálacha ar an chéad dul síos, ag plé féidearthachtaí comhoibrithe, agus ag cur béim ar chomh tábhachtach agus atá sé an Diaspóra Éireannach a choinneáil chun tosaigh. Is duais ardghradamach é Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill, a thugann aitheantas d'éachtaí atá déanta ag baill den Diaspóra Éireannach agus do thionchar na nÉireannach ar an domhan mór.

 

Labhraíonn Thomas ar bheo-chuimhní cinn atá aige ar Dhún na nGall, agus é ag dul ar shiúlóidí fada ar feadh imeall an uisce in éineacht lena athair.

 

"Tá cuimhní cinn iontacha agam ar Dhún na nGall agus m'athair ag siúl liom cois locha ag an pháirc i mBun Cranncha, agus is iontach liom an dul chun cinn atá déanta in Éirinn agus i dtuaisceart na tíre ón am sin."

 

Tá sé fógartha gurb í Therese Murray, Uachtarán ar Sheanad Stát Massachusetts, ar bronnadh an tríú Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill 2014 uirthi.

 

Agus é ag caint faoi bhuaiteoir na bliana seo, deir Thomas nach bhféadfaí duine níos fearr an gradam a fháil, agus gur duine í atá ag déanamh sárobair ar son nascanna idir Dhún na nGall agus Massachusetts.

 

"Is as cúlra an-chosúil le cúlra mhuintir Uí Néill í, agus is breá liom a fheiceáil go bhfuil sí ag fáil aitheantais as a cuid nascanna Éireannacha. Tá rudaí iontacha déanta aici le haghaidh Masachusetts agus na hÉireann araon ó thaobh nascanna a dhéanamh leis an Diaspóra Éireannach.

Is éacht mór é, chan amháin di féin ach do gach Gael-Mheiriceánach. Ba é an rud ceart le déanamh gan amhras an gradam seo a thabhairt di."

 

Chuir Thomas, an mac is sine ag Ceann Comhairle na Stát Aontaithe Tip Ó Néill, chuir sé tús lena shaol polaitíochta trí bheith páirteach i bhfeachtais a athar agus ní ba mhoille anonn ina chuid feachtas féin.

 

Agus clú mór ar a mhuintir, agus brógaí móra le líonadh aige, d'éirigh le Thomas céim bhaitiléara a bhaint amach ó Choláiste Bhostúin, agus céim mháistreachta i riarachán poiblí ó Scoil Rialtais John F. Kennedy, Harvard. Agus é ag dul leis an pholaitíocht mar a rinne a athair roimhe, sheas sé le haghaidh suíocháin sa reachtas in 1972, an ceantar céanna a raibh a athair ina ionadaí air tráth, ach níor fhan sé ach ar feadh téarma amháin.

 

Sa lá atá inniu ann, tá Thomas P. Ó Néill ina bhunaitheoir agus ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin ar Ó Néill and Associates, an comhlacht comhairleoireachta is mó i gcaidrimh phoiblí agus i gcúrsaí rialtais in New England. Déanann Ó Néill and Associates caidrimh feidearálacha, stáit agus rialtais áitiúil a comhtháthú le cumarsáidí straitéiseacha, caidrimh mheáin agus margaíocht chun feachtais ar leith gnóthaí poiblí a sholáthar do chliaint i réimse éagsúil tionscal.

 

Bhí clú ar Tip Ó Néill as cuidiú le hÉirinn athruithe a dhéanamh, lena thionchar agus lena chríonnacht, agus cé gur mar pholaiteoir mór-le-rá is cuimhin le cuid mhór daoine é, is go simplí mar Dhaid is cuimhin le Thomas é.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO