Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oifigí Inis Eoghain oscailte

Oifigí Comhairle Contae oscailte in Inis Eoghain le linn an Deireadh Seachtaine

Uasdátú Tuilte 

 

Beidh oifigí Chomhairle Contae Dhún na nGall i mBun Cranncha agus i gCarn Domhnach ag fanacht oscailte le linn an deireadh seachtaine le go mbeifí in ann leanstan de bheith ag tacú le daoine atá ag fulaingt i ndiaidh na dtuilte in Inis Eoghain oíche Mháirt. Beidh na hoifigí oscailte Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ó 9am go dtí 5pm agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle trí scairt a chur ar 074 91 53900 le lin an am seo. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle lasmuigh de na huaireanta seo ar 074 91 72288. 

 

Seirbhísí Tacaíochta

 

Tá an Chomhairle Contae ag leanstan de bheith ag tacú le daoine atá ag fulaingt i ndiaidh na dtuilte agus tugadh cuidiú do gach duine a rinne teagmháil leis an Chomhairle go dtí seo, sin nó tá an cuidiú sin á ullmhú faoi láthair. Má tá cuidiú de dhíth ort ba chóir dul i dteagmháil go díreach leis an Chomhairle agus déanfar gach iarracht an tacaíocht cheart a chur ar fáil duit. Tá an Chomhairle ag comhordú na tacaíochta atá á gcur ar fáil ag an Arm i roinnt eatáit tithíochta príobháideacha agus i gceantracha eile in Inis Eoghain. Lena chois sin, tá an Chomhairle ag cur scipeanna agus díthaisirí ar fáil d’fhoirgnimh a scriosadh sna tuilte.

 

Tá an Chomhairle ag cur ar fáil cúnamh éigeandála tithíochta chomh maith dóibh siúd a bhfuil sin de dhíth orthu de bharr na dtuilte, agus tá muid ag obair fríd achan chás leis na teaghlaigh atá i gceist, ag meas cad é an cúnamh atá de dhíth i ndiaidh an lóistín éigeandála, mar is dócha go bhfuil roinnt teaghlach ann nach mbeidh in ann pilleadh ar a gcuid tithe le tamall fada.

 

Nuacht fá bhóithre

 

Tá an R239 Magh go Rinn Uí Choigligh oscailte mar lána singil agus soilse tráchta i bhfeidhm. Beidh an R244 ag Creag na hEorna agus an R240 ag Cois na hAbhann druidte go ceann tamall suntasach agus tá malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil. Tá roinnt bóithre áitiúla eile druidte i gceantracha tuaithe agus táthar ag iarraidh ar gach tiománaithe a bheith cúramach, cloí le malairtí slí, agus neart ama a thabhairt dóibh féin le bheith ag taisteal.

Tá Bád Farantóireachta an Fheabhail ag pilleadh ar ghnáthuaireanta oibre inniu agus beidh an seoladh deireanach ar fáil ar 8pm.  

 

An Scéim um Chúnamh Daonnachta

 

Tá an Scéim um Chúnamh Daonnachta ar fáil chun cuidiú le daoine ar scriosadh a gcuid tithe de bharr tuilte agus nach bhfuil d’acmhainn acu féin íoc as na costais le haghaidh earraí riachtanacha, earraí tí, agus i roinnt cásanna, deisiúcháin struchtúrtha. Déantar tástáil acmhainne ar an scéim agus ní féidir an scéim a úsáid fá choinne caillteanais atá clúdaithe ag árachas ná caillteanais ghnó ná tráchtála. Fá choinne tuilleadh eolais féach http://www.welfare.ie/en/Pages/Humanitarian-Assistance-Scheme.aspx.  Iad siúd a bhfuil an cúnamh seo de dhíth orthu ba chóir dul chuig oifig Intreo Bhun Cranncha nó scairt a chur ar (074) 9364600 nó (074) 9130490.

 

Seirbhís Comhairleoireachta

 

Dóibh siúd atá faoi bhrú mór intinne faoi láthair, tá Líne Chúnta ar leith de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil i dtaca leis na tuilte seo, agus tá sin ar fáil ó 9am go dtí 5pm ar 07491 67558 nó mar mhalairt air sin is féidir scairt a chur ar na Samáraigh ar 116 123.

 

Thig le baill den phobal teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle Contae trí bhualadh isteach sna hoifigí i mBun Cranncha agus i gCarn Domhnach le linn an deireadh seachtaine nó trí scairt a chur ar 074 9153900 le linn uaireanta oifige, nó ar 074 91 72288 lasmuigh d’uaireanta oifige.

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta trí Comhairle Contae Dhún na nGall a leanstan ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO