Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > PolskaÉire 2015

Idir chomhscór agus bua ag an Pholainn!

 

 

Donegal v Poland 379 x 269

Imreoirí óga ag imirt sa chluiche idir Dhún na nGall agus an Pholainn i mBaile Áir

 

Bhí dhá chúis cheiliúrtha ag baill de phobal na Polainne anseo i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo caite... ar pháirc na himeartha, agus ar shiúl ón pháirc.

 

Bunaíodh PolskaÉire 2015 mar fhéile náisiúnta le ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht a thugann muintir na Polainne isteach sa tír seo, agus reáchtáladh é le bheith ar siúl thart fán am céanna leis an chluiche cáilithe UEFA idir Éire agus an Pholainn Dé Domhnaigh 29 Márta.



Bhí Comhairle Contae Dhún na nGall i mbun imeachtaí anseo ag an leibhéal áitiúil; ina measc teacht le chéile ag ceanncheathrú Shraith Dhún na nGall, Páirc an Diamaint, Baile Áir, Ráth Mealtain Déardaoin seo caite fá choinne cluiche cairdiúil idir rogha de chuid na Comhairle agus baill de phobal na Polainne sa chontae.  

Chomh maith leis an chluiche, bhí bia galánta ar fáil ag barbaiciú Éireannach / Polannach, crannchur le haghaidh trí thicéad chuig an chluiche i Staid Aviva, a bhí ullmhaithe ag Sraith Dhún na nGall. Is é Wojciech Szatko a bhain siad seo. Rinne an F.A.I., tríd a ionadaí áitiúil Shane Barr, urraíocht ar threalamh sacair, málaí agus liathróidí do pháistí.

  

 

Tá an togra PolskaÉire 2015 faoi stiúir an Aire Stáit do Phobail Úra, Cultúr agus Comhionannas Aodhán Ó Rí­ordáin TD sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannas, Ambasáid Phoblacht na Polainne i mBaile Átha Cliath agus Cumann Sacair na hÉireann.  

Ócáid Filíochta i Leitir Ceanainn Déardaoin

 

Bhí an ócáid dheireanach ar chlár imeachtaí PolskaÉire 2015 i nDún na nGall ar siúl Déardaoin, 2 Aibreán sa Lárleabharlann, Bóthar Oilibhéir Phluincéid, Leitir Ceanainn ar 6.30pm.

 

Oíche filíochta a bhí ann leis an fhile as an Pholainn, Wistawa Szymborska agus ceol le grúpa ceoil Polannach 'The Hazels'Telephone (087) 9670326 for more details.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO